Tá bonn óir Sheáin Uí Riada á dtairiscint arís i mbliana mar dhuais ar Chomórtas Cuireadh chun Ceoil 2013 agus is ar na huirlisí giolcaigh miotail – bosca ceoil, consairtín, orgán béil srl. a bheidh an comórtas ag freastal i mbliana.
Cuirfidh Peadar Ó Riada ó RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte roimh iarratais don chomórtas bliantúil go dtí 6 Meán Fómhair nuair a roghnófar 15 iomaitheoir don ghearrliosta.
Is le linn chlár Pheadair Uí Riada Cuireadh Chun Ceoil gach Aoine ag 7 i.n. ar Raidió na Gaeltachta a seinnfear ceol na n–iarratasóirí. Iarrtar ar cheoltóirí cúig rian dá gcuid ceoil gan tionlacan a sheoladh isteach i bhfoirm dlúthdhiosca, nó a a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín www.cuireadhchuneoil.ie, agus craolfar na hiarratais le dul san iomaíocht gach seachtain.
Is í an chomhairle a thugtar d’iarratasóirí agus iad ag ullmhú a gcuid rianta ná go mbeidh ceolmhaireacht agus spiorad an cheoil chomh tábhachtach céanna do na moltóirí, nó níos tábhachtaí fiú, ná cruinneas teicniúil.
Rachaidh na hiomaitheoirí a ainmneofar ar an ngearrliosta san iomaíocht le haghaidh bonn óir Sheáin Uí Riada agus duais airgid €2500 ag ócáid mhór na craoibhe in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ar 24 Eanáir 2014.
Is féidir gach eolas a fháil ag www.cuireadhchunceoil.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An bhfuil suim agat sa damhsa ar an sean-nós?
Curiarracht dhomhanda don Chomhrá Gaeilge is faide riamh
Filí Éireannacha le páirt a ghlacadh i mBlas na hAlban
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge