Níl mí Lúnasa thart go fóill ach tá Gaeilgeoirí na tíre cheana féin ag smaoineamh ar lóistín a chur in áirithe d’Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ó 29 Deireadh Fómhair – 03 Samhain 2013.
Dóibh siúd ar spéis leo cur isteach ar na comórtais ardáin d’fhéile mhór na Gaeilge, is é 16 Meán Fómhair 2013 an spriocdháta d’iontrálacha sna comórtais ar fad idir scéalaíocht, aithriseoireacht, dreas cainte, agallaimh beirte, lúibíní, amhránaíocht agus damhsa.
Tá eolas cuimsitheach maidir leis na comórtais ar fáil anseo: Príomhimeachtaí an Oireachtais 2013.pdf agus is féidir foirm iarratais a íoslódáil ach gliogáil anseo: An tOireachtas FOIRM IONTRALA 2013.pdf
Tá eolas breise ar fáil ar líne ag www.antoireachtas.ie nó ó 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 |Teil: (01) 4753857 | Facs: 01 4758767| eolas@antoireachtas.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 26.08.2013
B'fhéidir go mbeadh spéis agat sna scéalta a leanas:
Oireachtas Cheanada le ceiliúradh den tríú bliain as a chéile
Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Pat Butler
Ard-cheiliúradh déanta ar na meáin Ghaeilge ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais