Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Ghaeilge Leictreach

$
0
0

Tá an Phicnic ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód in 2013 agus tá deireadh seachtaine iontach éagsúil geallta don 35,000 duine a bheidh i láthair an tSráidbhaile ó 30 Lúnasa go 1 Meán Fómhair.

Cuireann an fhéile réimse ollmhór siamsaíochta ar siúl don iliomad cuairteoirí gach bliain idir thaispeántais sorcais, drámaíochta agus grinn, ceol réabh sa choill, ceardlanna potaireachta agus pubaill mhachnaimh agus iad ar fad scaipthe idir na rannóga agus na pubaill éagsúla.

Le blianta beaga anuas leagadh béim ar an nGaeilge le linn na féile. Beidh Raidió na Life ag craoladh ón bpuball speisialta laistigh den rannóg ‘Mindfield’ ina bhfeicfear ceol, damhsa, drámaíocht, scannánaíocht, filíocht, greann agus spórt.

I measc imeachtaí na hAoine beidh Dráma le Eva Ó Connor agus Cabaret Gaelach ag a mbeidh Aindrias De Staic, Enda Reily, Kevin McAleer agus Rónán Ó Snodaigh i láthair.

Beidh neart imeachtaí éagsúla ar siúl le linn an lae ar an Satharn idir Phroinnteach sa Phuball le Ruairí Druid Chef, Díospóireacht agus An Love mí-Cheart le Manchán Magan. Cuirfear tús le ceol na hoíche le seó speisialta de chuid Kíla agus cuirfidh Hip Nós taispeántas ar siúl mar aon le ceol ó Cholm Mac Con Iomaire, Peadar Ó Goill, Toner Quinn agus Mo Hat Mo Gheansaí.

Tabharfar deis do lucht na Picnice a gcumais a léiriú ar an ardán oscailte le 'Tá Tallann sa Phuball' ar an Domhnach agus tabharfar aghaidh ar phríomhghnó an lae ansin, Cluiche Leath-Cheannais na hÉireann idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí.

Cuirfear deireadh spleodrach leis an deireadh seachtaine leis an gCabaret Gaelach ag a mbeidh Latcikos, Colm Ó Riagáin Trio, Sibéal Davitt, Pearse McLoughlin, Tara Nic Gabhann agus beidh dordghrúpa na linne Seo Linn ag dúnadh imeachtaí Phuball na Gaeilge 2013.

Is féidir gach eolas a fháil ag www.puballnagaeilge.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Os cionn milliún amharc ag Avicii Vs Lurgan

Spriocdháta do Chomórtas Ardáin an Oireachtais

As na Nuachtáin: Corp agus Anam looking for extras for second season

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>