Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aoife Nic Cormaic ag cur tús le séasúr nua Bewley’s @6

$
0
0

Tráthnónta breá siamsaíochta i gcomhar le Gael Linn i mBaile Átha Cliath. 

Is í an fidléir agus an cumadóir ceoil Aoife Nic Cormaic a chuirfidh tús le séasúr an fhómhair de ‘Bewley’s @ 6!’ ar an Máirt, 24 Meán Fómhair ! Sraith de thráthnónta siamsaíochta is ea ‘Bewley’s @ 6!’, atá á reáchtáil go míosúil ag Gael Linn sa chaifé stairiúil sin ar Shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath ó 2008 i leith.

De bhunadh Bhaile Átha Cliath, thosaigh Aoife ag seinm ar an bhfidil agus í sa bhunscoil agus níor stop sí ó shin! Is minic í le cloisteáil ag seisiúin ceoil ina cathair dhúchais agus tá camchuairteanna déanta aici in Éirinn agus thar lear le leithéidí Kíla agus na hamhránaithe Aoife Ní Fhearraigh agus Phil Callery.

Chomh maith le bheith ina ceoltóir, tá cláir faisnéise scríofa, léirithe agus stiúrtha aici do TG4. Bhuaigh Concerto Caitlín Maude, clár faoin bhfile agus faoin amhránaí Caitlín Maude, duais IFTA, chomh maith le Gradam Cumarsáide an Oireachtais sa bhliain 2005. Ba í Aoife a stiúir agus a chum an ceol don chlár sin chomh maith. Craoladh a dara clár, ‘Aisling Gheal Uí Riada’, faoin gcumadóir Seán Ó Riada, an bhliain dár gcionn.

Bhain Aoife MA i seinm ceoil ó DIT amach sa bhliain 2011. Faoi láthair, tá sí ag obair mar léiritheoir raidió le RTÉ Raidió 1.

D’eisigh sí a céad albam Cuas na bhFáinleog/The Hollow of Swallows i mí Eanáir na bliana seo, agus seinnfidh sí rogha dá cuid ceoil nuachumtha féin ag ‘Bewley’s @ 6!’ ar an Máirt, 24 Meán Fómhair 2013.

Beidh sí á tionlacan ar an oíche ag na sárcheoltóirí, Frank Tate (basúcaí ), Kevin Murphy (dordveidhil) agus Steve Larkin (fidil).

Cuirfear tús leis an tráthnóna pléisiúrtha de cheol agus amhráin ag 6pm (Doirse ar oscailt ó 5.45pm) agus leanfaidh an scléip go dtí 8pm.

Níl ach líon beag ticéad fágtha, ar chostas €15 an ceann, agus beidh blaisíní bia san áireamh sa táille seo.

Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré le Niamh de Búrca i Gael Linn: T:087:2547574/ 01:6753303 nó seol ríomhphoist chuig: niamh@gael-linn.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
 
Os cionn milliún amharc ag Avicii Vs Lurgan

Spriocdháta do Chomórtas Ardáin an Oireachtais

An Ghaeilge Leictreach  

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>