Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cóisir Gael Linn 60

$
0
0

Mar chuid de cheiliúradh Gael Linn @ 60, reáchtálfar ceolchoirm speisialta mí Mheán Fómhair sa Cheoláras Náisiúnta.

Bunaíodh Gael Linn sa bhliain 1953 le fiontair úra Ghaeilge a chur chun cinn agus anois, 60 bhliain tar éis a bhunaithe, tá ag éirí chomh maith le tionscadail Ghaeilge agus oidhreachta de chuid Ghael Linn ná riamh.

Beidh Cóisir Gael Linn 60 ar siúl an 15 Meán Fómhair agus cloisfear ceol ar an oíche ó aíonna den chéad scoth a bheidh i láthair lena dtacaíocht a léiriú d’obair iontach Ghael Linn thar na blianta.

Beidh mórainmneacha Dhún na nGall Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh i láthair agus seinnfear scoth an cheoil agus na hamhránaíochta, leis an ngrúpa T with the Maggies i measc na gceoltóirí ar an oíche.

Freisin beidh an fidléir Oisín Mac Diarmada i láthair leis an ngrúpa Téada ina bhfuil an boscadóir Paul Finn, an fliúiteadóir Damien Stensen, Tristan Rosenstock ar an mbodhrán, Seán McElwain ar an mbasúscaí agus ar an ngiotár agus an boscadóir aitheanta as Corca Dhuibhne Séamus Ó Beaglaoich ar an mbosca ceoil.

Is féidir ticéid don ócáid iontach seo a cheannach ón gCeoláras Náisiúnta, www.nch.ie nó 01 4170000.

©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Spriocdháta do Chomórtas Ardáin an Oireachtais

Aoife Nic Cormaic ag cur tús le séasúr nua Bewley’s @6

Comórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada oscailte le haghaidh iarratas

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>