Tá comórtas eile á reáchtáil ag Gaelport agus an tseachtain seo beidh dhá thicéad chuig an gceolchoirm mhór dar teideal ‘The Ace & Deuce of Piping’ atá á reáchtáil ag Na Píobairí Uilleann le buachan ag duine amháin!
Bíonn seisiún ceoil leis na Píobairí Uilleann i dTeach Tábhairne an Cobblestone ar an gcéad Mháirt de gach mí áit a dtagann ceoltóirí den scoth le chéile ag seinm ceoil bhreá bhríomhair thraidisiúnta.
Arís i mbliana tá an-áthas ar na Píobairí Uilleann The Ace & Deuce of Piping a chur i mbéal an phobail ar an Satharn, 05 Deireadh Fómhar 2013. Beith scoth na gceoltóirí i láthair ag an oíche mhór cheoil seo i Halla na Saoirse i gceartlár Bhaile Átha Cliath.
I measc na gceoltóirí a bheidh i láthair beidh an fidléir iomráiteach Martin Hayes. Is as Co. an Chláir ó dhúchas don fhidléir Martin Hayes ach tá cónaí air i Stáit Aontaithe Mheiriceá le blianta anuas. Tá go leor gradam éagsúil bainte amach aige ó bhí sé in stócach agus anuas air seo bronnadh Gradam Ceoltóir na Bliana TG4 air sa bhliain 2008.
Ar stáitse freisin beidh an fliúiteadóir agus an t-amhránaí Nuala Kennedy, na píobairí Gay, Conor & Seán Mckeon as Baile Átha Cliath a d’fhoilsigh an dlúthdhiosca iontach “The Dusty Miller” agus an boscadóir cumasach Colm Gannon as ceantar na nOileáin i gConamara.
Ina gcuideachta beidh an píobaire Michael Cooney, an boscadóir as Ceann Toirc i dtuaisceart Chorcaí, Jackie Daly, Matt Cranitch ar an bhfidil agus Paul de Grae ar an ngiotár.
Beidh Brooks Academy ag dul ar stáitse ar an oíche chun taispeántas den scoth de dhamhsa seit a chur i láthair an phobail agus is é Vincent Doherty a bheidh ina fhear an tí ag an oíche mhór thraidisiúnta seo.
Ceist na seachtaine seo:
Ainmnigh an teach tábhairne i mBaile Átha Cliath a mbíonn seisiún ceol traidisiúnta á reáchtáil ag na Píobairí Uilleann ann ar an gcéad Mháirt de gach mí?
a) Brogan's
b) Cobblestone
c) Kehoe's
d) O’ Donoghues
Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh 12:00 meán lae, an 10 Meán Fómhar 2013.
Comhghairdeas le Brian Ó Gáibhín as Baile Átha Cliath a bhuaigh cóip den dlúthdhiosca Báidín Fheidhlimí de chuid Gael Linn san eagrán seo caite.
Táimid fíorbhuíoch de na Píobairí Uilleann a bhronn an dhá thicéad iontacha seo orainn mar dhuais.
Tá ticéid don cheolchoirm seo: €25/ €20 (ticéid teaghlaigh - beirt fásta & beirt pháistí €60) ar fáil ó Hall na Saoire T: 353 (0)1 8721122 nó tá ticéid ar fáil ó Na Píobairí Uilleann 01 872 1122
Is féidir tuilleadh eolais faoi na Píobairí Uilleann a fháil ag: www.pipers.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Lúnasa 2013
Lean @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge