Beidh Oíche Chultúrtha (Culture Night) ar siúl ar an Aoine, 20 Meán Fómhair 2013 agus mar cheiliúradh beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl timpeall na tíre.
Anuraidh d’eagraigh grúpaí, eagraíochtaí agus daoine suas le 900 imeacht timpeall na tíre agus tháinig na sluaite chun páirt a ghlacadh san himeachtaí.
Arís i mbliana beidh imeachtaí ar siúl san Irish Centre i Londain agus beidh muintir na hÉireann sa Bheilg ag ceiliúradh chomh maith.
Oíche Chultúir an ócáid is mó sa tír le hardán a thabhairt do ghníomhachtaí cultúrtha na tíre. Léiríonn sé íomhá chumhachtach láidir den dea-thionchar atá ag imeachtaí cultúrtha ar an tsochaí.
Ar feadh oíche amháin beidh neart ceoil agus ceiliúradh á dhéanamh ar ár gcultúr agus beidh saothar ó ealaíontóirí ar bhallaí in ionaid éagsúla ar fud na tíre ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid mar chuid d’Oíche Chultúir na bliana seo. Tugann Oíche Chultúir deis faoi leith don phobal taitneamh a bhaint as réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha in aon oíche amháin.
Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl in ionaid éagsúla timpeall na tíre le linn an lae agus na hoíche úd. I measc na n-imeachtaí beidh ceol traidisiúnta, damhsa, drámaí, ceardlanna éagsúla, léamh filíochta, seisiún ceoil, cainteanna agus turais stairiúla, scéalaíocht, taispeántais ealaíne i ngailearaithe éagsúla.
San ardchathair beidh sráideanna na cathrach faoi bhrat ildaite le neart damhsóirí agus siamsaíocht sráide ar siúl i mBarra an Teampaill le ceol bríomhar agus beidh go leor ionaid stairiúla ag oscailt a ndoirse ar an oíche do chuairteoirí - ina measc siúd beidh Caisleán Átha cliath, Ceannáras na bPíobairí Uilleann, Ionaid Oidhreachta timpeall na tíre, ionaid Chultúrtha éagsúla, Músaem Ghlas Naíon, Áras na Scríbhneoirí, Ardoifig An Poist, Caifé Bewley’s ar Shráid Grafton ar mar aon le turais stairiúla i Músaeim Náisiúnta na hÉireann atá lonnaithe timpeall na tíre.
Arís i mbliana beidh An Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i gceartlár Bhaile Átha Cliath ag eagrú seisiún ceoil speisialta agus beidh taispeántas de phóstaeir Guinness i nGaeilge mar aon le seisiún ceoil agus craic den scoth i gClub Chonradh na Gaeilge mar chuid den Oíche Chultúir i mbliana.
In Ionad Cultúrtha Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin beidh oíche mhór le neart ceoil agus damhsa á reáchtáil mar chuid d’imeachtaí Oíche Chultúir, beidh céilí á reáchtáil ag ceanncheathrú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach ón 9pm le Jimmy Brennan ina Fhear A’ Tí ar an oíche.
I dTurlach i gCo. Mhaigh Eo tá oíche den scoth geallta in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe - áait a mbeidh oíche speisialta I gcuideachta an chraoltóra Micheál Ó Muircheartaigh. Tá cead isteach saor in aisce.
I gCúige Mumhan agus in iarthar na tíre beidh míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig ionaid éagsúla agus beidh siúlóid stairiúil á reáchtáil agus ar ndóigh beidh neart imeachtaí cultúrtha beartaithe i gCúige Uladh le himeachtaí éagsúla.
Níl thuas ach blaiseadh beag de chuid de na himeachtaí atá beartaithe d’Oíche Chultúrtha na bliana seo. Chun a fháil amach céard atá ar siúl i do cheantar téigh chuig: www.culturenight.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gael Linn celebrating 60 years
Comórtas Liam Mhic Uistin sa Ghearrscéalaíocht 2013
Aoife Nic Cormaic ag cur tús le séasúr nua Bewley’s @6
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge