Ar mhaith leatsa Rith do thodhchaí na Gaeilge agus don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí! An duine thú a bhfuil dúshlán uait agus an mbeadh suim agat an maratón a rith i mbliana?
Tá Maratón Átha Cliath ag ceiliúradh ceithre bliana déag is fichead ar an bhfód i mbliana. Bíonn an-tóir ag daoine as tíortha éagsúla timpeall na cruinne bheith páirteach san ócáid iontach seo gach bliain.
Tá rannpháirtithe á lorg ag an eagras neamhbhrabúis Gaeilge Forbairt Naíonraí Teoranta chun Maratón Átha Cliath 2013 a rith ar a son i mbliana. Beidh an maratón ar siúl ar Luan, 28 Deireadh Fómhair 2013. Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí cúraim agus oideachais trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh.
Má ritheann tú maratón na bliana seo ar son Fhorbairt Naíonraí Teoranta rachaidh an t-airgead a bhailítear chun leasa naíonraí na tíre chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí réamhscoile Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil don chéad ghlúin eile.
Cuirfidh Forbairt Naíonraí Teoranta FNT plean traenála, t-léine don rás féin agus teastas i ndiaidh an rása ar fáil dóibh siúd atá sásta rith ar a son.
Anuraidh ghlac os cionn ceithre mhíle déag duine páirt i Maratón Átha Cliath agus bíonn an maratón oscailte d’fhir agus do mhná agus cuirfear tús agus críoch leis an rás i gceartlár na cathrach i measc shráideanna stairiúla Seoirseacha na cathrach.
Beidh deis ag reathaithe bheith páirteach i ngrúpa reatha lán-Ghaeilge freisin agus iad i mbun traenála.
Tá beirt d’fhoireann FNT chun an maratón a rith ar son na naíonraí, agus más mian leat tacú leo is féidir tabhartas a thabhairt anseo : https://www.naionrai.ie/ga/deonaigh
Má cheapann tú go bhfuil sé ar do chumas tabhairt faoin dúshlán seo téigh i dteagmháil le Caoimhín ag caoimhin@naionrai.ie nó le Seán ag sean@naionrai.ie.
Eagraithe i gcomhpháirtíocht le Rith 2014.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Lúnasa 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Deireadh curtha le scéim fhóirdheontais na Naíonraí
As na Nuachtáin: Doors to 11 new schools set to open
As na Nuachtáin: Highland Council unveils Gaelic schools map
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge