Tá an chéad scéim teanga seolta ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC).
Tugann an scéim teanga cur síos ar na seirbhísí a bheidh le forbairt agus le feabhsú ag ÚABÁC d’fhonn freastal níos fearr ar an bpobal agus ar bhaill foirne ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an Údarás trí Ghaeilge.
Eascraíonn dualgais ÚABÁC i leith na Gaeilge ó Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thugann éifeacht phraiticiúil do stádas bunreachtúil na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit. Mairfidh an scéim reatha go ceann trí bliana nó go dtí go ndaingneoidh an tAire Stáit don Ghaeltacht scéim nua de bhun Alt 15 den Acht.
I measc ghealltanais na chéad scéim teanga, tá geallta ag ÚABÁC an Ghaeilge a chur chun cinn trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar i nGaeilge ar an suíomh gréasáin, www.daa.ie, mar aon le preaseisiúint a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla más cuí agus cúrsa oiliúna sa Ghaeilge a chur ar fáil don fhoireann chun idirghníomhaíocht níos fearr lena chustaiméirí trí mheán na Gaeilge a éascú.
Is féidir scéim teanga ÚABÁC a léamh anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 5 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Curiarracht dhomhanda don Chomhrá Gaeilge is faide riamh
Dhá chomhlacht phoiblí ag ullmhú an tríú scéim teanga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge