Déanfaidh aoichainteoirí speisialta an téama ‘Mionteanga, Mórscéalta’ a phlé ag an tríú comhdháil ar Litríocht na n-Óg a bheidh ar siúl thar dhá lá ar 20-21 Meán Fómhair 2013.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.
Ar na téamaí a bheidh faoi chaibidil Dé hAoine beidh Litríocht na nÓg i rith Athbheochan na Gaeilge, Coimicí agus Cartúin agus Drámaíocht agus Scannánaíocht. Glacfaidh cainteoirí éagsúla páirt sa phlé ar an Aoine, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Brian Mac Maghnuis agus Pat O'Brien ina measc.
Beidh Alan Titley mar aoichainteoir tráthnóna nuair a sheolfar Laethanta Gréine agus Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg agus cuirfear críoch le céad lá na comhdhála le plé ar 'Sholáthar Óige TG4'.
Déanfar réimse leathan ábhar a phlé ar an Satharn idir Chultúir, Teangacha agus Féiniúlachtaí Éagsúla i Litríocht na nÓg, Aistriúcháin do Pháistí, Cruthú litríochta sa 21 hAois agus Litríocht na n-Óg sa Seomra Ranga. I measc chainteoirí an lae beidh Anna Heusaff, Agnes Rennie, Conchúir Ó Brolacháin agus Neil Tarrant.
Is iad Biddy Jenkinson agus Roibeard Mac Unfraidh a thabharfaidh aoichaint deiridh na comhdhála áit a bpléifear 'Fó Fá Fum: Comhacht, Coinsias, Cúram’.
Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar 20-21 Meán Fómhair 2013.
Is féidir clár iomlán na comhdhála a fháil anseo. Tuilleadh eolais le fáil ach r-phost a sheoladh chuig litriochtnanog13@gmail.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
FNT ar thóir rannpháirtithe chun Maratón a Rith
Deireadh curtha le scéim fhóirdheontais na Naíonraí
Lean an scéal seo agsu @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge