Cuireadh tús aréir in Inbhir Nis le Turas na bhFilí 2013 in Albain.
Is scéim Cheilteach sheanbhunaithe é Turas na bhFilí atá ar an bhfód ó thús na seachtóidí. Gach bliain tugann filí Albanacha aghaidh ar Éirinn san earrach agus téann grúpa Éireannacha anonn don Albain san fhómhar.
I measc an ghrúpa Éireannach i mbliana tá na filí Proinsias Mac a'Bhaird agus Ceaití Ní Bheildiúin mar aon leis an bpíobaire Pádraic Keane agus an t-amhránaí agus an fidléir Eithne Ní Chatháin. Don dara bliain as a chéile anois beidh Turas na bhFilí ar siúl san Albain mar chuid den fhéile chultúrtha, Blas, a bheidh faoi lán seoil i ngarbhchríocha na hAlban an tseachtain dar tús 04 Meán Fómhair 2013.
D’eitil an grúpa maidin inné chuig Aerfort Obar Dheathain, agus cuireadh tús oifigiúil leis an Turas leis an gcéad ócáid siamsaíochta aréir ag Amharclann Chúirt Éidin in Inbhir Nis. Tugann na hócáidí siamsaíochta blaiseadh don phobal de cheol, d’fhilíocht agus d’amhránaíocht an dá thraidisiúin, agus i dteannta na nÉireannach aréir bhí an píobaire Albanach, Conall Mac Ille Chiar.
Inniu, taistealóidh an grúpa chuig Uig, agus beidh ócáid chultúrtha ar siúl tráthnóna inniu acu i Sgoil Lionacleit i Benbecula, áit a mbeidh amhránaíocht le cloisteáil freisin ó Niall Campbell a bhuaigh bonn óir roimhe seo ag an Mòd Náisiúnta. Níos déanaí sa tseachtain tabharfaidh an grúpa aghaidh ar an Eilean Sgítheanach agus Inbhir Pheofharai.
Tá tuilleadh eolais faoi stair Thuras na bhFilí mar aon le himeachtaí na bliana seo ar fáil ag http://www.gaelport.com/turasnabhfili.
Sa phictiúr tá an grúpa Éireannach atá san Albain faoi láthair ar an turas, in éineacht leis an bpíobaire Albanach, Conall Mac Ille Chiar.
© Gaelport.com 09 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna scéalta a leanas:
Bí ann ag craobh An Jig Gig 2013
Comhdháil ar Litríocht na nÓg
Sainmheon teanga na gaelscolaíochta slán faoin dréacht-Bhille oideachais