Beidh catagóir don suíomh idirlín Gaeilge is fearr ag Gradaim na nDamhán Alla de chuid Eircom i mbliana toisc moladh de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Tá gairm ar iarratais fógartha le déanaí do 23 catagóir ar leith, agus ina measc tá catagóir ar leith do láithreáin ghréasáin i nGaeilge, agus catagóir eile a thugann aitheantas d’ealaíon, oidhreacht agus cultúr na hÉireann.
Tá na gradaim seo ag ceiliúradh 18 bliain ar an bhfód i mbliana, agus iad ar na gradaim idirlín is faide bunaithe sa tír. Déanann na gradaim idirlín áirithe seo ceiliúradh ar éachtaí idirlín atá déanta ag carthanais, cuideachtaí, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail i rith na bliana agus aithnítear an chruthaitheacht agus an fhiontraíocht atá léirithe ag láithreáin ghréasáin atá lonnaithe in Éirinn.
Beidh ócáid bhronnta na ngradam ar siúl ar Déardaoin, 28 Samhain 2013 in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath agus beidh an fuirseoir Neil Delamere ina fhear an tí don oíche. Is é 14 Deireadh Fómhair an spriocdháta d’iarratais agus is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón nasc seo: http://eircomspiders.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna scéalta a leanas:
Bí ann ag craobh An Jig Gig 2013
Comhdháil ar Litríocht na nÓg
Sainmheon teanga na gaelscolaíochta slán faoin dréacht-Bhille oideachais