Den chéad uair riamh beidh ‘Pobal na Gaeilge’ i lár an aonaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a bheidh á reáchtáil i gCo. Laoise ón Máirt 24 - Déardaoin 26 Meán Fómhair 2013.
Is iad Údarás na Gaeltachta agus Glór na nGael a chur tús leis an tionscadal áirithe seo, ‘Pobal na Gaeilge’ i gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge eile.
I measc na ngrúpaí sin a bheith i láthair le seastán eolais san ollphuball Gaelach beidh: An Spailpín Fánach, Coláiste Uisce, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS), Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Gael Linn, Ógras, Oideas Gael, Oireachtas na Gaeilge, agus TG4.
San ollphuball Gaelach tabharfar blaiseadh iontach den teanga agus den chultúr le neart imeachtaí agus siamsaíocht den scoth, idir ceol agus damhsa, seoltaí dlúthdhioscaí, comórtais éagsúla agus seoladh de sheirbhís nuachta dhigiteach dhátheangach.
Le breis agus ochtú bliain tá an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ag cur fáilte roimh na sluaite daoine ó cheann ceann na tíre agus níos faide i gcéin fiú chuig na himeachtaí seo. Le blianta beaga anuas tá fás as cuimse tagtha ar an ócáid seo agus tá sé áirithe anois ar cheann de na taispeántais lasmuigh is mó san Eoraip le thart ar 1,100 taispeántóir agus 189,000 cuairteoir gach bliain.
Beidh réimse leathan de ghníomhaíochta ar fáil le linn na hócáide a chuireann bia, feirmeoireacht agus cultúr na hÉireann chun cinn. Laistigh de ‘Phobal na Gaeilge’ tabharfar ardán d’earraí, seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil trí Ghaeilge. Beidh seastáin eolais ar fáil leis an eolas is déanaí maidir leis an nGaeilge agus cúrsaí teicneolaíochta, mar aon le leabhair, t-léinte agus eolas maidir le himeachtaí áitiúla agus cúrsaí Gaeilge.
Má tá Gaeilge ar do thoil agat, nó mura bhfuil agat ach cúpla focal cuirfear céad míle fáilte roimh chuairteoirí chuig ‘Pobal na Gaeilge’ a bheidh lonnaithe ag Bloc 4, Sraith S, 309.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí, siamsaíocht agus comórtais ar fad lean ‘Pobal na Gaeilge’ ar facebook: www.facebook.com/pobal.nagaeilge nó ar Twitter @PobalnaG
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spies agat sna hailt seo a leanas:
Todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbaol
Forbairtí ar na seirbhísí digiteacha ó Gaelport.com
Deireadh ré don nuachtán Foinse