Inné, cuireadh torthaí an Teastais Shóisearaigh ar fáil do dhaltaí scoile na tíre seo, agus dhírigh formhór an phlé sna meáin chumarsáide ó shin ar na hathruithe atá i ndán don Teastas Sóisearach amach anseo.
Rinne Gaelport.com anailís ar na figiúirí a cuireadh ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit le feiceáil cén t-adhmaid a d’fhéadfaí a bhaint as na figiúirí seo ó thaobh na Gaeilge de.
Díolúine
Ag féachaint ar an nGaeilge mar chroí ábhar sa Teastas Sóisearach mar aon le Matamaitic agus Béarla, bheifeá ag súil go mbeadh líon na ndaltaí ag tabhairt faoin scrúdú mórán mar aon gcéanna don trí scrúdú sin.
I mbliana, thug 7,261 dalta níos mó faoin mBéarla mar ábhar don Teastas Sóisearach, ná mar a thug faoin nGaeilge.
Tá dhá chúis ar leith nach mbeadh dalta san áireamh sna figiúirí thuas don scrúdú Gaeilge; tá díolúine acu ón ábhar nó ní raibh siad i láthair ar lá an scrúduithe. Is féidir díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge a dheonadh ar dhalta sna cásanna seo:
• Dalta nach bhfuair a b(h)unoideachas i bPoblacht na hÉireann
• Daltaí a bhí ar an mbunscoil i bPoblacht na hÉireann ach a chaith tréimhse níos faide ná 3 bliana lasmuigh den Stát sular fhill siad ar an oideachas sa Stát agus iad os cionn 11 bliain d’aois um an dtaca sin.
• Dalta le deacrachtaí foghlama nó míchumas intleachta
• Dalta ón iasacht nach bhfuil tuiscint ar bith aige/aici ar an mBéarla
Is ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama ag an dalta an bealach is coitianta a fhaightear díolúine ón nGaeilge mar ábhar scoile. Nuair a scrúdaítear na figiúirí do theangacha Eorpa eile, (seachas an Ghaeilge nó an Béarla) feictear go bhfuil níos mó daltaí ag tabhairt faoi theangacha eile ná mar atá ag tabhairt faoin nGaeilge.
Is deacair a shamhlú gur féidir deacracht ar leith a bheith ag dalta leis an nGaeilge nach mbeadh acu le teangacha eile. An bhfuil an díolúine ón nGaeilge á húsáid go soiniciúil ag príomhoidí nó ag daltaí chun éalú ó cheann de na croí ábhar teagaisc?
An Béalscrúdú Roghnach
Bhí borradh suntasach le feiceáil i mbliana ar líon na ndaoine a thug faoin mbéalscrúdú roghnach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. In 2013, thug 10,486 dalta (20.15%) faoin mbéalscrúdú, suas go mór ó 7,388 (14.5%) sa bhliain 2012. Le blianta beaga anuas, tá fás leanúnach tagtha ar líon na scoileanna a chur an béalscrúdú roghnach ar fáil dá ndaltaí mar a fheictear sa léaráid thíos:
Cé gurb iad Coimisiún na Scrúduithe Stáit a riarann an béalscrúdú don Ardteist, ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, is faoin scoil féin atá sé an béalscrúdú a chur ar na daltaí scoile, agus is pointe teannais é seo i measc scoileanna na tíre. In ainneoin go bhfuil molta ag an ASTI agus ag an TUI do mhúinteoirí Gaeilge gan tabhairt faoin obair bhreise seo is léir go bhfuil líon na scoileanna atá ag cur an bhéaltriail ar fáil ag méadú go suntasach bliain ar bhliain le 5 bliana anuas toisc na marcanna breise atá ag dul don bhéalscrúdú anois ag leibhéal na hArdteiste.
Ábhair eile trí Ghaeilge
Ach oiread le blianta eile, thug tuairim is 2% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh i mbliana faoi ábhar eile, seachas An Ghaeilge, trí Ghaeilge.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spies agat sna hailt seo a leanas:
Todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbaol
Forbairtí ar na seirbhísí digiteacha ó Gaelport.com
Deireadh ré don nuachtán Foinse