Amárach, in oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe, cuirfear tús le cúrsa dioplóma nua i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta.
Cuirfear an cúrsa seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse bliana. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn maidir leis na straitéisí is éifeachtaí le Gaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí fásta agus cuirfear béim láidir ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga.
14 duine a bheidh ag freastal ar an gcúrsa seo atá á reáchtáil ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin go raibh lúcháir ar an Údarás a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil don chúrsa seo. “Ba chóir go mbeadh gach deis curtha ar fáil do dhaoine fásta ar suim leo an Ghaeilge a fhoghlaim nó cur lena gcumas í a labhairt. Cuireann an tÚdarás tacaíocht ar fáil do ghrúpaí áitiúla le ranganna Gaeilge a reáchtáil sa Ghaeltacht agus tugann an cúrsa dioplóma seo san áireamh an taighde is deireanaí maidir leis na modhanna nuálacha teagaisc is mó tairbhe do mhúineadh na Gaeilge”.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt a leanas:
Béalscrúdú don TS níos coitianta in 2013
Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta ag lorg tuairimí maidir lena beartas Gaeilge
Todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbaol