Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Iarla Ó Lionáird ainmnithe mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe UCC

$
0
0

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil Iarla Ó Lionáird roghnaithe mar an chéad Ealaíontoir Traidisiúnta Cónaithe riamh i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Aithnítear Ó Lionáird mar cheannródaí sa cheol traidisiúnta agus cáil idirnáisiúnta ar an bhfear as Cúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí mar amhránaí, léiritheoir agus cumadóir.

Is ról nuabhunaithe é seo de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, mar cheiliúradh ar an traidisiún láidir den cheol traidisiúnta cothaithe san Ollscoil thar na blianta.

Caithfidh Ó Lionáird bliain mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe na hOllscoile agus beidh ceolchoirmeacha, ceardlanna agus seimineáir á n-eagrú le linn na tréimhse sin.

Mar mhaithe le tús a chur lena ról nua agus  mar chuid de shraith FUAIM an fhómhair, tabharfaidh Ó Lionáird ceolchoirm in aisce in éineacht lena chomhoibrí Steve Cooney ag am lóin ar Dé hAoine, 4 Deireadh Fómhair 2013, san Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.

©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cóisir Gael Linn 60

Oíche Chultúrtha 2013 á ceiliúradh

Turas na bhFilí 2013 faoi lánseol

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>