Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tairbhe na Gaeilge á phlé i gCúige Mumhan

$
0
0

Ag leanúint le camchuairt 2013 beidh sraith de sheimineáir ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge arís i gCúige Mumhan i gceann coicíse.

Is seimineáir fostaíochta do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre atá i gceist agus ar an gCéadaoin, 13 Samhain 2013 beidh an seimineár sa Silversprings Moran Hotel, i gCorcaigh agus as sin beidh Óstán an Malton i gceartlár Chill Airne i gCiarraí mar ionad don seimineár ar an Déardaoin, 14 Samhain 2013.

Tá na seimineáir arna eagrú ar fud na tíre ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 2008 ann agus rinne na saghas seimineáir seo freastal ar 230 iarr-bhunscoil agus suas le 7,600 dalta scoile timpeall na tíre le blianta beaga anuas.

Cuirtear tús leis na seimineáir seo ag 10r.n agus bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, le go gcuimhneoidh siad ar an nGaeilge agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Bíonn beagnach uair a chloig dírithe ar cheisteanna agus freagraí agus i rith an ama seo agus bíonn deis iontach ag na scoláirí idirghníomhú leis na haoichainteoirí le linn an ama seo.

Go dtí seo tá os cionn 500 dalta scoile as 10 iar-bhunscoil éagsúil i gCo. Chorcaí cláraithe don ócáid ar 13 Samhain agus tá míle fáilte roimh scoileanna eile. I measc na haoichainteoirí ar an lá beidh Adrian Breathnach atá ina Príomhoide scoile i nGaelscoil Pheig Sayers i gCathair Chorcaí agus atá ina Rúnaí ar Gael-Taca atá lonnaithe ar Port Uí Shúilleabháin i gceartlár chathair Chorcaí.

Labhróidh Mairéad Ní Mhurchú atá ag obair mar Léiritheoir Stiúrthóir le Nemeton sa Rinn ar a cuid oibre sna meáin agus cúrsaí spóirt agus déanfaidh iar-iománaí de chuid Chorcaí, Seán Óg Ó hAilpín, cur síos ar an tábhacht atá ag baint lenár dteanga dúchais mar aon leis na deiseanna a thug an teanga dó féin go pearsanta.  Beidh cuimhne go deo ag daoine ar an óráid stairiúil a thug Séan Óg i bPáirc an Chrócaigh agus é ag glacadh le Corn Liam Mhic Chárthaigh le linn cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann i 2005. 

I measc na gcainteoirí eile beidh bean óg as Corcaigh Lisa Ní Laoire. Bheadh aithne níos fearr ar dhaoine uirthi mar ba í a ghlac ról ‘Molly Stapleton’ sa sobalchlár ‘Ros na Rún’.  Déanfaidh Lísa cur síos ar na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge di leis an aisteoireacht agus fiú amháin sa lá atá inniu ann agus ina cuid oibre mar léiritheoir físe leis an International School of Brussels. 

Leanfar leis na seimineáir i gCill Airne ar an Déardaoin, 14 Samhain áit a mbeidh an craoltóir agus an aoi spórt aitheanta, Mícheál Ó Muircheartaigh ar an bpainéil d’aoichainteoirí.  Ba chraoltóir spóirt de chuid Raidió Éireann agus RTÉ é Micheál ó 1949 go dtí 2010 agus ar an lá déanfaidh Mícheál cur síos ar an nGaeilge sna meáin agus an tábhacht a bhí leis an nGaeilge ina shaol oibre le blianta fada anuas.

Ina theannta beidh an scríbhneoir agus file as Dún Chaoin, Mícheál de Mórdha atá ina Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir in iarthar Chiarraí.  Labhróidh Mícheál ar a chuid oibre faoi láthair agus freisin ar an tréimhse a chaith sé ina chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall.

Tabharfaidh an scéalaí agus an scríbhneoir aitheanta Brenda Ní Shúilleabháin léargas ar a cuid oibre féin leis an nGaeilge agus an bealach a ndeachaigh sé chun tairbhe di lena cuid oibre mar Stiúrthóir agus Léiritheoir agus tabharfaidh Fionnán Ó hÓgáin léargas don lucht éisteachta ar a phost mar Fheidhmeannach Forbartha le hÚdarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí na Mumhan.

Más múinteoir iar-bhunscoile tú i gCorcaigh nó i gCiarraí nó in aice láimhe agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun do scoil a chlárú go luath; 01 679 4780 nó brighid@comhdháil.ie 

Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Tá neart eolais maidir leis an tionscadal Buntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ar: www.gaelport.com/bbnag    

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Deireadh Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Réabhlóid ag Oireachtas na Gaeilge

Cur le d'fhoclóir ag Oireachtas na Gaeilge

Gaeilge 24

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>