Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

ESG pléite sa Dáil

$
0
0

Cinneadh na Roinne Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta deireadh a chur le maoiniú ESG cáinte i dTeach Laighean

Pléadh todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) ag leibhéal an Rialtais an tseachtain seo agus an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., ag freagairt ceisteanna os comhair na Dála.

Tuairiscíodh an mhí seo caite gur ghlac Bord Stiúrtha ESG cinneadh go ndéanfaí an eagraíocht a scor de bharr go bhfuil diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh.

Rinne Piaras Ó Dochartaigh T.D., Sinn Féin, cinneadh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a cháineadh go mór sa Dáil an tseachtain seo. Dúirt sé gur buille do chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht é an cinneadh deireadh a chur le maoiniú ESG agus luaigh sé imní phobal na Gaeltachta ina leith.

Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Bhí ESG agus Gaelscoileanna Teo. i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht ó bhí 2011 ann, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe. Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in iúl le déanaí nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.

Ag freagairt ceiste ar an ábhar, chuir an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich in iúl go raibh maoiniú ESG coinníollach le dhá bhliain anuas ar an gcónascadh a bhí le tarlú idir Gaelscoileanna Teoranta agus ESG agus mhaígh sé gur cuireadh deireadh le haon mhaoiniú ón Roinn de bharr nár tharla an cónascadh sin. D'áitigh Ó Dochartaigh go raibh go leor dul chun cinn déanta i dtreo an chónasctha agus gurb iad an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a bhí ag tarraingt a gcos ar an bpróiseas.

D'ardaigh Ó Dochartaigh ceisteanna eile maidir leis an méid a bhí le rá ag an Aire i dtaobh chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht faoi mhúnla nua maoinithe Fhoras na Gaeilge. I mí Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir leis an mbealach a chuirfear maoiniú ar fáil amach anseo d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Bunaithe ar mhúnla nua maoinithe a chuir Foras na Gaeilge faoina mbráid, chinn an CATT go mbeidh tosaíochtaí straitéiseacha áirithe á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus liostaíodh 'Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge' mar thosaíocht réimse amháin. Dúirt an tAire Stáit gurb é an gaeloideachas taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a chuirfear faoi chúram an cheanneagrais sa réimse sin agus go bhféadfadh le heagraíocht ar bith spéis a léiriú i ról an cheanneagrais sin.

Mhaígh Ó Dochartaigh nach bhfuil trácht ar an soláthar oideachais sa Ghaeltacht sa mhúnla nua, agus toisc nach ionann é agus an soláthar ghaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht, caillfear saineolas luachmhar ar an ábhar mar thoradh ar chinneadh na Roinne. D'iarr sé ar an Aire ról tógálach a ghlacadh ar an ábhar in ionad chur chuige gearr radharcach.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Deireadh Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhairliúchán Poiblí ar Phróisis Iontrála Scoileanna

Céim 1 den Mhúnla Nua

Modh úrnua tacú leis na Naíonraí

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945