Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Roinn Coimirce Sóisialaí ag dréachtú na chéad scéim teanga

$
0
0

Tá An Roinn Coimirce Sóisialaí ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá custaiméirí trí mheán na Gaeilge.

Cuireann An Roinn Coimirce Sóisialaí fáilte roimh aighneachtaí ó aon pháirtithe leasmhara maidir le hullmhú na chéad scéim teanga i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 11). Is é bun chuspóir an Achta ná fáil níos fearr agus caighdeán níos fearr a chinntiú maidir le seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Is féidir aighneacht a dhéanamh trí ríomhphost: gaeilge@welfare.ie nó tríd an bpost:

Geraldine Withero
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2.

Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5 i.n. Dé hAoine, 22 Samhain 2013.

Tá eolas faoi sheirbhísí a chuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil le feiceáil ag www.welfare.ie.

Aighneachtaí

Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aschur a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar chíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:

• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta poiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta poiblí - Im-fhálú ar phoist
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Comhaontaithe.

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Deireadh Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Anailís ar BUISÉAD 2014

Modh úrnua tacú leis na Naíonraí

Comhairliúchán Poiblí ar Phróisis Iontrála Scoileanna

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>