I mí Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir leis an mbealach a chuirfear maoiniú ar fáil amach anseo d’earnáil dheonach na Gaeilge.
Bunaithe ar mhúnla nua maoinithe a chuir Foras na Gaeilge faoina mbráid, chinn an CATT go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin:
1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta
4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht
6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga
Beidh maoiniú ar fáil amach anseo freisin ar bhonn scéime do réimse raidió pobail agus don Áisaonad Lán-Ghaeilge a chuireann áiseanna teagaisc trí Ghaeilge ar fáil.
Faoin múnla nua seo, bunófar dhá fhóram nua, fóram comhpháirtíochta uile oileáin agus fóram forbartha teanga comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Mura bhfuil an íomhá thuas soiléir i do bhrabhsálaí gliogáil anseo.
Céim a hAon
Fógraíodh an tseachtain seo caite an chéad chéim sa phróiseas nua seo, agus iarradh léirithe spéise ó eagraíochtaí chun feidhmiú mar cheanneagraíochtaí sna réimsí thuasluaite. Ní bheidh an deis ag an gceanneagraíocht aon leithdháileadh a dhéanamh ar aon chuid den deontas, agus ní féidir leo ach oiread aon tarmligean a dhéanamh ar aon cheann de na freagrachtaí a thagann faoi chúram an réimse de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag Foras na Gaeilge.
Iomaíocht
Naoi n-eagraíocht déag (19) atá á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoi láthair, samhlaítear go mbeidh trí cinn acu sin, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad le maoiniú ó chistí/scéimeanna éagsúla de chuid an Fhorais, agus tá an sé eagraíocht déag (16) eile le laghdú síos go dtí sé cheanneagraíocht. Tá an múnla seo cáinte roimhe seo agus é ráite go gcuirfidh an múnla nua seo deireadh le roinnt mhaith den infreastruchtúr reatha teanga idir seo agus Meitheamh na bliana seo chugainn. San idirlinn, beidh iomaíocht ghéar á cothú idir na heagrais reatha chun an stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach chun todhchaí na heagraíochta a chinntiú.
Gearrliosta
Tá go dtí 30 Deireadh Fómhair ag eagrais chun a spéis chun feidhmiú mar cheanneagraíocht a chlárú le Foras na Gaeilge. Déanfar measúnú ar na léirithe suime, agus cuirfear gearrliosta le chéile.
Céim a Dó
Nuair atá an gearrliosta curtha le chéile, reáchtálfaidh oifigigh Fhoras na Gaeilge cruinnithe leis na heagrais a bheidh ag fáil cuireadh chun páirt a ghlacadh i gcéim a dó den phróiseas, agus tuigtear go mbeidh aighneacht chuimsitheach le cur le chéile ag na heagrais sin chun a mhíniú go mbeidh siad in ann feidhmiú mar cheanneagraíocht don réimse lena mbaineann siad.
Táthar ag tuar gur ag tús mhí Eanáir 2014 a fhógrófar na sé cheanneagraíocht nua, agus a chuirfear in iúl cé hiad na 13 eagraíocht eile nach mbeidh á maoiniú amach anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Deireadh Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cinneadh glactha maidir le bunmhaoiniú Earnáil Dheonach na Gaeilge
Anailís ar BUISÉAD 2014
Comhairliúchán Poiblí ar Phróisis Iontrála Scoileanna