Tacaigh le do rogha charthanachta trí thogra nua lascaine laethúla.
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ainmnithe mar charthanacht roghnach i bhfiontar nua darb ainm Deal Effect. Suíomh margaidh laethúla is ea www.dealeffect.ie a thabharfaidh deis d’eagrais charthanachta áirithe leas a bhaint as an ngluaiseacht lascaine ar-líne i mbealach nuálach.
Beidh lascaine 50-90% i gceist leis na margaí laethúla i réimsí éagsúla idir óstáin, bialanna, fóillíocht agus sciamhlainne, siamsaíocht, gníomhaíochtaí eachtraíochta agus eile. Ní hamháin go gcuirtear lascaine iontach san áireamh le gach margadh ach bronntar 11% de chostas an idirbhirt ar charthanacht roghnach an úsáideora nuair a cheannaítear trí Deal Effect é.
Bunaíodh FNT in 2003 mar chuideachta dheonach uile-Éireann a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh.
Táthar ag súil go mbronnfar €2.1 million ar an earnáil charthanachta agus neamhbhrabúis sna trí bliana amach romhainn mar chuid de thionscnamh Deal Effect agus an réabhlóid 'Buy to Help'.
Tá sé saor in aisce le clárú ag www.dealeffect.ie agus beidh fáil ar na margaí ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Deireadh Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Fearg agus Frustrachas i measc na Naíonraí
Deireadh curtha le scéim fhóirdheontais na Naíonraí
Lean @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge