Tugann Gaelport.com amharc ar an áis iontach úsáideach www.aistear.ie.
An mhí seo caite, d’éirigh leis an suíomh idirlín www.aistear.ie, Séala Eorpach Teanga a bhaint amach. Déanann na duaiseanna seo daoine a spreagadh leis an ilteangachas a shaothrú agus a chur chun cinn.
Is é aidhm www.aistear.ie cabhrú le daoine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa agus cleachtadh a fháil ar shainscileanna na heagarthóireachta agus an aistriúcháin. Díríonn an suíomh go háirithe ar riachtanais úsáideoirí ardchaighdeáin atá ag gabháil don aistriúcháin nó d’obair eagarthóireachta.
Tá cleachtaí aistriúcháin agus cleachtaí eagarthóireachta le fáil ar an suíomh seo, mar aon le cartlann d’ailt agus de leabhair thábhachtacha a phléann gnéithe na Gaeilge scríofa.
Ar cheann de na gnéithe is spéisiúla ar an suíomh, tá bailiúchán de na hearráidí agus na deacrachtaí is coitianta sa Ghaeilge scríofa, agus iad leagtha amach in ord aibítreach.
Tá cúpla sampla de bhotúin choitianta leagtha amach thíos mar shampla den chineál ábhair atá ar fáil ón acmhainn luachmhar seo:
Dr Antain Mac Lochlann a bhunaigh Aistear.ie le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge, agus is iad Grafaicí Teo. a dhear an suíomh. Tá físeán d’Antain Mac Lochlann ag déanamh cur síos ar an acmhainn seo ar fáil thíos.
Buíochas le Léargas agus le Mark Long ó Videozoom as an bhfíseán seo a chur ar fáil agus as cead a thabhairt dúinn é a fhoilsiú ar Gaelport.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Deireadh Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An Réabhlóid ag Oireachtas na Gaeilge
Oireachtas na Samhna ag druidim linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge