Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tionól Teagaisc 2013

$
0
0

Tiocfaidh os cionn 400 múinteoir meánscoile le chéile ag an Tionól Teagaisc a bheidh ar siúl ar 8 agus 9 Samhain 2013 i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Tá an tionól á reáchtáil don tríú uair ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus is é téama na bliana seo 'nach ngiorraíonn beirt ár mbóthar mar mhúinteoirí Gaeilge'.

Le linn an deireadh seachtaine, beidh ceardlanna, cainteanna agus seisiúin eolais á dtabhairt ag teagascóirí agus saineolaithe do mhúinteoirí iarbhunscoile ar ghnéithe éagsúla do theagasc na Gaeilge.

Osclófar an tionól go hoifigiúil tráthnóna Aoine, 8 Samhain, agus beidh deis ag lucht an Tionóil bualadh le chéile ag dinnéar speisialta an oíche sin.

Ar an Satharn, 9 Samhain, díreofar ar na ceardlanna agus na seisiúin phraiticiúla a thabharfaidh aghaidh ar neart ábhar spéisiúil idir acmhainní teanga nua agus an teicneolaíocht sa seomra ranga, an Ghaeilge sa tSraith Shinsireach agus sa tSraith Shóisearach agus cur chun cinn na litearthachta agus na huimhearthachta.

Ina measc siúd a bheidh i mbun ceardlainne beidh Éamonn Ó Domhnaill, Muireann Ní Mhóráin, Ríona de Búrca agus Áine Uí Fhoghlú mar aon le go leor eile.

Is féidir clár iomlán an Tionól agus foirm chláraithe a fháil anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Deireadh Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhairliúchán Poiblí ar Phróisis Iontrála Scoileanna

Gaeilge 24

An Réabhlóid ag Oireachtas na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter:# Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>