Comhdháil i gcuimhne chéad Uachtarán na hÉireann
Beidh Comhdháil an Chraoibhín i gcuimhne Dhubhghlais de hÍde ar siúl i mBealach an Doirín i gCo. Ros Comáin ar Dé hAoine 25ú Deireadh Fómhair 2013.
Is é téama Chomhdháil na bliana seo ‘Ag Bailiú le Chéile Arís: Oidhreacht Dhubhghlais de hÍde, beatha nó bás na Gaeilge’.
Lá iomlán de dhíospóireachtaí beomhara, léachtaí éagsúla agus cur síos spreagúil a bheidh i gceist. Is féidir clár iomlán na comhdhála a léamh anseo.
I measc na n-aíonna agus na n-aoichainteoirí a bheidh i láthair ag comhdháil na bliana seo beidh Máirín Nic Eoin, teagascóir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach; An Dr Fionnbarra Ó Brolcháin (Scoil Ghnó Smurfit, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (UCD)); Liam Carson (Stiúrthóir féile litríochta Gaeilge IMRAM) agus an file Gabriel Rosenstock.
I láthair freisin beidh an file aitheanta Doireann ní Ghríofa agus aoichainteoirí Antóin Mac Unfraidh, Feargal Ó Béarra agus Laoise Ní Dhúd. Is é an file agus an scríbhneoir cumasach Theo Dorgan a bheidh ina Fhear an Tí ag na himeachtaí i mbliana.
Tuilleadh eolais: www.roscommonarts.com/hyde
©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Deireadh Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An Réabhlóid ag Oireachtas na Gaeilge
Oireachtas na Samhna ag druidim linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge