'An chéad ghlúin eile á spreagadh' le plé ag seimineár Chonradh na Gaeilge.
Baileoidh ceannródaithe nua na Gaeilge, idir óg agus aosta, san Óstán Brehon, Cill Airne, ar Dé Sathairn, 3 Samhain 2013 áit a bpléifear 'Réabhlóid Nua na Gaeilge - An Chéad Ghlúin Eile a Spreagadh’.
Plé spreagúil, beomhar a bheidh i gceist ag an seimineár arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus cuirfear fáilte roimh aoichainteoirí speisialta ar an lá a bhfuil baint ar leith acu le cur chun cinn na Gaeilge i measc an ógra. I láthair an tseimineáir beidh Micheál Ó Foighill, TG Lurgan; Máire Treasa Ní Dhubhghaill, PONC; Aodhán Ó Deá, Réabhlóid na Mac Léinn agus Traic Ó Braonáin, Raidió Rí-Rá BEO. Is é Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gcaint réabhlóideach.
Táthar ag iarraidh ar lucht an Oireachtais ról gníomhach a ghlacadh sa phlé agus a gcuid tuairimí i leith Réabhlóid Nua na Gaeilge a nochtadh le linn an tseimineáir.
Cuirfear tús leis an gcaint ag 11.00am agus seolfar cúrsa Rith 2014, rás sealaíochta ar son na Gaeilge, ina diaidh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó seiminear@cnag.ie; 01 4757401; www.cnag.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Deireadh Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cur le d'fhoclóir ag Oireachtas na Gaeilge
As na Nuachtáin: You can't force Irish language down the throats of those who don't want to learn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge