Tráthnónta breá siamsaíochta i gcomhar le Gael Linn i mBaile Átha Cliath.
Beidh taispeántas dealbhóireachta arís ag Paddy Campbell in Amharclann Bewley’s i rith mhí na Samhna agus mhí na Nollag ach ní chuirfidh sé sin isteach ar shiamsaíocht Ghael Linn. Beidh Bewleys@6 ag bogadh go sealadach go Siamsaíocht @6 a bheidh ar siúl sa Central Hotel, Sráid an Chiste ( Exchequer Street ) díreach cúpla coiscéim ó Shráid Mhór Sheoirse Íocht.
Ar an Máirt, 19 Samhain 2013, tá tráthnóna phléisiúrtha de cheoil agus amhráin geallta leis an gceoltóir agus amhránaí aitheanta Enda Seery agus John Byrne ar an mbainseó agus ar an ngiotár.
Is as Co. na hIarmhí d’Enda Seery agus ta clú agus cáil air mar fhliúiteadóir agus cumadóir den scoth agus tá duaiseanna bainte amach aige ag leibhéal náisiúnta agus ag comórtais Fleadh Cheoil na hÉireann.
Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thóg Enda Seery a chuid ceoil. Go deimhin bhí saibhreas fonnadóireachta agus ceoil i gcónaí sa teaghlach. Is boscadóir den scoth é a dheartháir Ciarán, seinneann a dheirfiúr Siobhán an fheadóg mhór agus seinneann a dheartháir Pádraig an fhidil agus tá siad ar fad bainteach leis an Mona Dubh Céili Band.
Beidh an ceoltóir aitheanta John Byrne i gcuideachta Enda ar an oíche agus beidh siad ag seinm poirt ón dlúthdhiosca nua ‘Síocháin na Tuaithe’ atá eisithe ag Enda le déanaí.
Ionad:
Seomra Tionóil (Function room)
Central Hotel
Sráid an Chiste
Baile Átha Cliath 2
Am: 6:00 i.n – 8:00 i.n (Doirse ar oscailt ó 5.45 i.n )
Cead Isteach: €15 (Báisíní bia san áireamh!)
Áirithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574
©Foilsithe ar Gaelport.com 29 Deireadh Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Modh úrnua tacú leis na Naíonraí
An Réabhlóid ag Oireachtas na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge