Bronnadh gradam ‘An Séala Eorpach Teanga’ ar Scoil Náisiúnta Chomhoideachais Ghleann an Ghrifín le déanaí as a bhfuil bainte amach ag Rang na Naíonán Beaga le bliain anuas. Rang ilchultúrtha atá sa rang seo, le tuismitheoirí ón Fhrainc, ón India, ón Spáinn agus ón tSín, agus thug na páistí faoi gach ábhar go hiomlán trí Ghaeilge, agus iad ag gabháil do cheithre theanga a fhoghlaim ag an am céanna.
Chuir múinteoir an ranga, Susan Nic Réamoinn, foireann teanga le chéile, idir múinteoirí agus tuismitheoirí na ndaltaí, agus cuireadh tús leis an múineadh trí amhránaíocht agus trí dhrámaíocht go príomha.Dar le Susan go bhfuil na páistí an-bhródúil as an méid atá ar eolas acu anois, agus gur chabhraigh an t-atmaisféar dearfach a cruthaíodh sa seomra ranga go mór le sealbhú na dteangacha.
Feictear thíos físeán den mhéid atá bainte amach ag an rang ilchultúrtha ilteangach seo.
Buíochas le Léargas agus Videozoom as an bhfíseán seo a chur ar fáil agus as cead a thabhairt chun é a fhoilsiú ar Gaelport.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 29.10.2013
B’fhéidir go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
Amlíne don Mhúnla Nua Maoinithe
Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna
Tairbhe na Gaeilge á phlé i gCúige Mumhan