Reáchtálfar scrúdú i mí na Nollag dóibh siúd ar mhaith leo an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhaint amach. Cáilíocht ghairmiúil d’aistritheoirí Gaeilge is ea an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí, a bhunaigh Foras na Gaeilge. Tá an scrúdú seo dírithe ar dhaoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu agus nár ghnóthaigh an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí go fóill.
Ó cuireadh tús leis an bpróiseas creidiúnaithe seo, d’éirigh le 157 duine an Séala a bhaint amach. Bíodh is go bhfuil an scrúdú ceaptha a bheith á reáchtáil ar bhonn tráthrialta, ní raibh deis ag aon duine a bhain cáilíocht san aistriúchán amach le cúpla bliain anuas an Séala a bhaint amach, ó tharla nár reáchtáladh an scrúdú ón bhliain 2010. Ag brath ar éileamh, tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge scrúdú don Séala a chur ar siúl arís in 2014.
Dóibh siúd a thugann faoin scrúdú, beidh dhá pháipéar ar leith le suí acu, a mhaireann dhá uair an chloig an cheann. Tá páipéir shamplacha ar fáil ar www.aistear.ie, mar aon le freagraí samplacha.
Tabharfar deis d’uasteorainn de 60 duine tabhairt faoin scrúdú agus, mar sin, tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a fhaightear. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 5 i.n. Dé Aoine 15, Samhain, 2013.
Beidh scrúdú le haghaidh an tSéala ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 07 Nollaig 2013. Tá gach eolas faoin ionad agus socruithe eile le fáil ar www.aistear.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 29.10.2013
B’fhéidir go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
Amlíne don Mhúnla Nua Maoinithe
Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna
Tairbhe na Gaeilge á phlé i gCúige Mumhan