Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

SpeakTalkChat.com le seoladh ag an Oireachtas

$
0
0

Ar mhaith leat teagmháil a dhéanamh le daoine eile ar fud na cruinne a labhraíonn Gaeilge?   

Tá suíomh idirlín nua dar teideal SpeakTalkChat.com le seoladh go luath inar féidir le daoine físchomhráite a bheith acu lena chéile agus daoine eile a aimsiú de réir teanga, leibhéal teanga agus caitheamh aimsire.

Is féidir le daoine aonaracha, eagraíochtaí, daltaí scoile mic léinn clárú don líonra sóisialta saor in aisce seo ar fón póca nó ar ríomhaire.   

Níos túisce i mbliana roghnaíodh SpeakTalkChat.com don chlár ALPHA, comórtas de chuid an Web Summit do ghnólachtaí nuathionscanta.  Tá an Web Summit ar an gcomhdháil teicneolaíochta is mó san Eoraip áit a dtiocfaidh breis agus 10,000 duine le spéis sa teicneolaíocht ó gach cearn den domhain. Chuir breis agus 5,000 comhlacht isteach ar an gcomórtas ALPHA, agus má éiríonn le SpeakTalkChat, bronnfar duais €10,000 ar an gcomhlacht. 

Ar 3pm ar an Aoine seo ag Oireachtas na Gaeilge, déanfaidh Liam Ó Maolaodha,  Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge leagan beta de SpeakTalkChat.com a sheoladh go hoifigiúil. 

Agus é ag labhairt faoin líonra sóisialta nua, dúirt bunaitheoir agus CEO SpeakTalkChat.com, Aidan Duggan: “Theastaigh uaim suíomh a chruthú a bheadh feiliúnach d’fhoghlaimeoirí teanga ar fud na cruinne mar aon le Gaeltacht ar líne a chruthú go mbeadh foghlaimeoirí agus iad siúd atá líofa sa Ghaeilge in ann teacht le chéile agus físchomhráite a bheith acu lena chéile”.

Tá tuilleadh eolais maidir le SpeakTalkChat ar fáil ó Julianne Ní Chonchobhair ag julianne@speaktalkchat.comwww.twitter.com/speaktalkchat.

©Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Seomra Ranga Ilteangach

An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Cur le d'fhoclóir ag Oireachtas na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>