Seirbhís dhigiteach le cur ar fáil in áit Gaelscéal
Cinntíodh ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge Dé hAoine seo caite go gcuirfear deontas €1.2m ar fáil i leith nuachtán Gaeilge úr a bheidh ar fáil ar líne go seachtainiúil.
Nuachtán saor ó tháille, in-íoslódáilte a bheidh ann agus beartaíodh ag an gcruinniú boird a reáchtáladh ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne go roghnófar táirgeoir an nuachtáin trí chomórtas oscailte poiblí a reáchtáil. Bronnfar an deontas €1.2m ar an iarratasóir rathúil thar thréimhse ceithre bliana.
Chuir Foras na Gaeilge deireadh le conradh an nuachtáin seachtainiúil ‘Gaelscéal’ ag tús na bliana seo de bharr nach raibh ag éirí leis an nuachtán ó thaobh díolacháin de. Cinneadh conspóideach a bhí ann do bhord Fhoras na Gaeilge ach dúradh ag an am 'nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge'.
Tugadh buille eile do mheáin chlóite na Gaeilge mí Mheán Fómhair na bliana seo nuair a fógraíodh nach mbeidh Foinse ag filleadh ag tús na scoilbhliana nua. Bunaíodh an nuachtán sa bhliain 1996 agus nuair a theip ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge in 2009, athsheoladh an nuachtán mar fhorlíonadh san Irish Independent. Mhair an córas nua go dtí mí Mheithimh na bliana seo nuair a bhfágadh muintir na Gaeilge gan nuachtán clóite ar bith.
Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, seoladh nuachtán nua Gaeilge mar chomharba ar an nuachtán Foinse. Is forlíonadh nua Gaeilge de chuid an Irish Independent é Seachtain a bhíonn ar fáil gach Céadaoin agus beidh nuachtán eile, ‘Ar Fheabhas’, á chur ar fáil ag Independent Media do scoileanna ar fud na tíre.
Reáchtáil Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin níos luaithe i mbliana i leith seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge. Dúradh tar éis an chruinnithe ar an Aoine go n-eascraíonn cinneadh an bhoird i leith nuachtán ar líne a bhunú as na fócas ghrúpaí agus na cruinnithe poiblí a reáchtáladh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.
©Foilsithe ar Gaelport.com 4 Samhain 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Deireadh ré don nuachtán Foinse
Nuachtán nua Gaeilge do scoláirí
Deireadh le maoiniú Ghaelscéal – “Buille marfach don Ghaeilge”
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge