Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Sean-nós, damhsa, siamsaíocht & lúibíní i gCill Airne

$
0
0

An deireadh seachtaine seo caite thug na mílte daoine aghaidh ar Chill Airne i gCiarraí chun sult a bhaint as Oireachtas na Gaeilge 2013.

Bhailigh na sluaite as gach coirnéil den tír mar aon le cuairteoirí ó thar lear in Óstán an Gleneagle chun a bheith i láthair ar na comórtais éagsúla sean-nóis a bhíonn ar siúl gach bliain.

Ba é an t-amhránaí cumasach Mícheál Ó Confhaola as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara, fear a bhuaigh Corn Uí Riada i gCathar na Mart in 2007 a chroch leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada na bliana seo san INEC oíche Dé Sathairn. Ní aon ionadh go bhfuil na h-amhráin agus an sean-nós ina chuid fola ón gcliabhán, mar is í Sarah Ghriallais, duine de dheirfiúracha clúiteacha Ghriallais agus bean a bhuaigh Corn Uí Riada in 1984.

Bíonn an-draíocht ag baint le Comórtas Chorn Uí Riada gach bliain agus bailíonn na mílte duine ann leis na hamhránaithe is fearr sa tír a chloisteáil. Le linn Oireachtais na bliana seo, bhí neart imeachtaí éagsúla ar siúl i dteannta na gcomórtas ar fad.  Bhí Ionad na Seastán ar oscailt don phobal áit a raibh earraí breá agus áiseanna ar díol agus bhí neart eolais i leith obair na n-eagraíochtaí ar fáil ann.  Seoladh neart leabhar éagsúil agus áiseanna ar líne ann agus reáchtáladh seimineáir, seó do pháistí, siompóisiam agus neart eile le linn an deireadh seachtaine.


I measc na mbuaiteoirí ar na comórtais mhóra eile, thug Proinsias Ó hIarnáin as Ruisín na Mainíoch i gceantar Iorras Aithneach i gConamara an chéad duais leis sa chomórtas damhsa ar an seán-nós tráthnóna Dé Satharn san INEC. Is mac é Proinsias leis an bhfliúiteadóir aitheanta Marcus Ó hIarnáin agus is minic a bhíonn a dheartháir Breandán le feiceáil ag damhsa agus ag seinm ceoil chomh maith.

Ba í an t-amhránaí aitheanta Máire Ní Chéileachair as Ascaill Thobar an Chaipín i gCorcaigh a thug léi an chéad áit i gComórtas na mBan agus bronnadh Corn Phádraig Mhic an Rí uirthi.  Ba é Aodán Ó Ceallaigh ón Maoil an Chóirne i Rinn Ua gCuanach a thug leis Corn Chuimhneacháin Chiaráin Uí Chon Ceanainn. Thug Aodhán an chéad áit leis freisin i gcomórtas lúibíní na bliana seo agus ina chuideachta bhí Ógie Ó Céilleachair as Rinn Ó gCuanach.

Oíche Déardaoin ba í Gráinne Ní Fhátharta as Baile na hAbhann i gConamara a bhain amach an chéad ait i gcomórtas na mban faoi 35 bliain agus bronnadh Corn Sheáin Óg Uí Thuama uirthi.. Mar a tharla sé, bronnadh an corn áirithe seo ar aintín Ghráinne, an t-amhránaí iomráiteach Celia Ní Fhátharta, blianta ós shin.  Bronnadh Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe ar bhuaiteoir chomórtas na bhfear faoi 35 bliain d’aois Ógie Ó Céilleachair as Rinn Ó gCuanach, mac leis an t-amhránaí aitheanta Ann Mulqueen.

Bhí scamall beag bróin ar Oireachtas na bliana seo áfach agus  iad siúd a bhí i láthair ag smaoineamh ar fhear a bhí an-bhaint aige leis an Oireachtais síos tríd na blianta.  Is é sin an scríbhneoir agus an boscadóir Maidhc Dainín Ó Sé atá imithe uainn ar shlí na fírinne ó mhí Lúnasa, Beannacht Dé lena anam dílis. Craoladh clár beo ar TG4 oíche Déardaoin a rinne ceiliúradh ar shaol agus shaothar Mhaidhc Dainín. Mar is gnáth rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh beo ar fhormhór de chomórtais na bliana seo agus craoladh clár Rónán Beo as Óstan an Gleneagle mar aon leis an gclár An Saol ó Dheas.
 
Bhí os cionn 130 imeachtaí á reáchtáil le linn Oireachtais na bliana seo agus bhain idir óg agus aosta páirt sna comórtais éagsúla.  Is iontach an rud é go bhfuil méadú suntasach ar an méid daoine óga atá ag glacadh páirt sna comórtais le blianta beaga anuas agus bí cinnte go mbeidh siad ag ullmhú d’Oireachtas na Gaeilge 2014 a bheidh ag filleadh arís ar Chill Airne.

Tá liosta de na buaiteoirí eile a ghlac páirt in imeachtaí éagsúla le linn Oireachtas na Gaeilge 2013 ar fáil anseo  

©Foilsithe ar Gaelport.com 5 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Nuachtán úr ar líne le maoiniú ag Foras na Gaeilge

Leabharlann Foclóireachta ar Líne

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>