Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Múnla Nua pléite i dTionól TÉ

$
0
0

Chuir an Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta de chuid Tionóil Thuaisceart Éireann (Coiste CAL) fáilte roimh Fhoras na Gaeilge le déanaí nuair a bpléadh impleachtaí an mhúnla nua mhaoinithe ar chúrsaí Gaeilge sna 6 chontae.

Fógraíodh struchtúr úr maoinithe d’Earnáil Dheonach na Gaeilge mí Iúil 2013 nuair a ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir le múnla nua molta ag Foras na Gaeilge.

Faoin múnla nua, cuirtear 6 thosaíochtaí straitéiseacha faoi chúram 6 cheanneagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin a thiocfaidh in áit na naoi n-eagraíocht déag atá á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Fógraíodh amlíne an athstruchtúraithe le déanaí a d’fháiltigh roimh aon eagraíocht léiriú spéise a chur isteach roimh 30 Deireadh Fómhair. 

D’ardaigh Coiste CAL neart ceisteanna le linn an phlé le Foras na Gaeilge maidir le himní na n-eagraíochtaí ó thuaidh i dtaobh thionchair an struchtúir nua ar an obair ar leith atá á déanamh sna 6 chontae le blianta anuas leis an nGaeilge a chur chun cinn sa dlínse sin.

Chuir an Coiste in iúl nach ionann staid na Gaeilge sa dá dhlínse agus léiríodh buairt an phobail maidir leis na himpleachtaí tromchúiseacha a bheadh i ndán don earnáil faoin struchtúr nua.  Tá 7 n-eagraíochtaí bunmhaoinithe lonnaithe sa tuaisceart i láthair na huaire agus ní fios cén líon a mhairfidh faoin múnla nua.  Luadh an obair trasphobail atá á déanamh ag Iontaobhas Ultach le blianta anuas agus taighde Phobail i leith staid na Gaeilge agus cearta teanga sna 6 chontae. 

Meabhraíodh go bhfuil taithí agus saineolas na n-eagraíochtaí seo ríthábhachtach i leith aon dul chun cinn a dhéanfaí amach anseo agus creidtear go gcaillfí acmhainní luachmhara na hearnála faoin múnla nua. Rinneadh caint freisin ar bhallraíocht an fhóraim fhorbartha agus cén ionadaíocht ó eagraíochtaí sna sé chontae a bheidh ar an bhfóram seo, rud nach fios go fóill.  Tarraingíodh aird ar chás gnó an mhúnla nua atá faoi bhráid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta go fóill agus ba é tuairim an Choiste gur chóir na socruithe ó thaobh aistriú bainistíochta agus comhairleoirí a bheith curtha in áit i bhfad roimhe seo.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl go mbeidh gach ceanneagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin rud a chiallaíonn go mbeidh baill foirne lonnaithe in oifigí sa dá dhlínse.  Dúradh go bhfuil taithí ag na heagraíochtaí ó dheas i dtaobh chúrsaí Gaeilge ó thuaidh agus go mbeidh éifeacht dearfach ar an obair trasphobail ar siúl ann óir go leagfaí níos mó béime ar obair eagraíochtaí áitiúla agus gníomhaíocht ar an talamh amach anseo.

Cé nach mbeidh Foras na Gaeilge freagrach as earcaíocht sna ceanneagraíochtaí, dúradh go mbeidh an Foras ag moladh shaineolas na bhfoirne reatha a bheith mar thosaíocht le linn aon phróiseas earcaíochta faoin struchtúr úr.  Tugadh le fios go ndéanfar gach iarracht saineolas agus taithí na naoi n-eagraíocht déag a choinneáil san earnáil agus go ndéanfar iarracht scálaí pá a choinneáil mar an gcéanna. 

Maíodh nach mbeidh de chumas ar an gcóras nua ról a sholáthar do gach fostaí reatha ach go raibh mar mholadh ag an múnla nua go gcónascfaidh eagraíochtaí mar chuid den phróiseas iarratais.  Tuigtear go bhfuil eagraíochtaí áirithe i gcainteanna ina leith seo ach cuireadh in iúl nach bhfuil ar chumas Fhoras na Gaeilge eagraíochtaí a bhrú le chéile faoin bpróiseas.  Thug Foras na Gaeilge le fios go dtabharfar cead d’eagraíochtaí cónascadh ainneoin léiriú spéise a chur isteach mar eagraíocht aonarach.

Leag an Coiste an-bhéim ar thábhacht na dtionscadal éagsúil a mbíonn ar bun ag na heagraíochtaí go leanúnach agus nach mór go leanfadh na tionscadail sin ar aghaidh.  Chuir ionadaithe Fhoras na Gaeilge in iúl go mbeidh ceanneagraíochtaí ag díriú ar chúrsaí a bhaineann lena réimse áirithe amháin sa chóras nua rud a chiallaíonn go mbeidh an-chuid tionscadal á n-aistriú ó cheanneagraíochtaí úra agus ó eagraíochtaí nach n-éiríonn leo áit a bhaint amach faoin múnla nua. 

Gealladh go gcuirfeadh Foras na Gaeilge na socruithe cuí in áit idir Eanáir agus Iúil 2014 leis an aistriú idir eagraíochtaí a éascú agus le cinntiú go gcoinnítear obair thábhachtach na n-eagraíochtaí uile sa chóras nua.

©Foilsithe ar Gaelport.com 5 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Amlíne don mhúnla nua maoinithe

ESG pléite sa Dáil

Céim 1 den Mhúnla Nua

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>