Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Mórlaigí i múineadh na Gaeilge

$
0
0

Foilsíodh Tuairisc an Phríomhchigire inné ina n-aithnítear bearnaí suntasacha i bhfoghlaim agus i múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.

Tá Tuairisc an Phríomchigire Harold Hislop bunaithe ar shonraíocht iniúchtaí, idir chigireacht fógartha agus chigireacht theagmhasach, a reáchtáil an Roinn Oideachais agus Scileanna idir 2010 agus 2012.

Is é an cheád uair gur foilsíodh an tuairisc go poiblí agus cé go bhfuil caighdeán na n-ábhar molta den chuid is mó, tá caighdeán múineadh na Gaeilge cáinte go mór ag an bPríomhchigire.

De réir na tuairisce, tá caighdeán na Gaeilge níos lú ná sásúil i 24% de bhunscoileanna na tíre agus 28% d'iarbhunscoileanna. Airíonn an tuairisc nár tugadh deis do dhaltaí foghlaim ó chaint agus ó phlé i 22% de cheachtanna rud a chiallaíonn nach bhfuil aird á tabhairt do bhunriachtanas fhoghlaim teanga. Moladh mór a eascraíonn as tuairiscí cigireachtaí teagmhasacha agus Meastóireachta Scoile Uile (MSU) ná gur gá deis a thabhairt do dhaltaí oibriú i gcomhpháirt le linn na gceachtanna Gaeilge agus i leith dlús a chuir le foghlaim na teanga.

D’airigh an tuairisc go leagfaí an-bhéim ar réamhullmhúcháin agus pleanáil ceachta sna scoileanna ina bhfuil an-rath ar mhúineadh na Gaeilge. Meastar nach bhfuil ullmhúcháin leordhóthanach á déanamh ag 22% do mhúinteoirí agus mar thoradh tá líon suntasach dhaltaí nach bhfuil fáil acu ar chlár foghlama atá ullmhaithe mar is cuí.

Thug cigirí le fios nach raibh cleachtais an mheasúnaithe sásúil i níos mó ná an 35% de cheachtanna Gaeilge. Moltar i dTuairisc an Phríomhchigire nach mór do bhunscoileanna soláthar pleanáilte, córasach ar fhoghlaim daltaí i bpríomhscileanna na Gaeilge a mheas.

Léiríodh easpa acmhainní chun tacú le teagasc na Gaeilge i 20% de cheachtanna. Airíodh an dúshlán céanna i dtaobh múineadh na Gaeilge ag an leibhéal iarbhunscoile. Ardaíodh an géarghá le clár amhail Séideán Sí, atá in úsáid i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, i dtuarascáil de chuid na Cigireachta, An Ghaeilge sa Bhunscoil in 2007 ach níl leithéid de chlár i bhfeidhm go fóill. Táthar ag súil go mbeidh dea-thionchar ag obair na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Monatóireachta (CNCM) agus na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar an easnamh seo.

Moltar sa tuairisc gur gá béim bhreise a chur ar fheasacht fóineolaíochta ag an leibhéal iarbhunscoile agus béim níos láidre ar insealbhú na struchtúr agus na rialacha gramadaí na teanga. Moltar go ndíreofaí ar an sprioctheanga níos mó le linn cheachtanna agus go ndéanfaí an t-aistriúcháin a sheachaint.

Freisin, léiríonn tuairiscí na gcigirí go raibh scileanna teanga na múinteoirí féin easnamhach i líon beag, ach líon suntasach, scoileanna.

©Foilsithe ar Gaelport.com 5 Samhain 2013

Seans go mbeish spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Embedded shortcomings in the system revealed

Athbhreithniú ar Ghaeilge an Teastais Shóisearaigh

An Ghaeilge neamhriachtanach do 94% den Státchóras

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>