Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cuireadh do scríbhneoirí próis

$
0
0

Tá Cois Life ag fáiltiú roimh shaothair ficsin don chlár foilsitheoireachta 2015–2017.

Táthar ag lorg gearrscéalta, úrscéalta nó novella agus cuirtear fáilte ar leith roimh údair nua nár fhoilsigh saothar cheana agus roimh údair a dhíreodh ar mhargaí nó ar sheánraí nua.

Iarrtar ar iarratasóirí an t-ábhar thíos a chuir chuig fionnuala@coislife.ie agus beifear i dteagmháil laistigh de dhá mhí:

  1. Cur síos ar an saothar molta (seánra, imlíne an ábhair, líon na bhfocal, sprioclucht léitheoireachta).
  2. Nóta gearr beathaisnéise (luaigh foilseacháin eile, taithí scríbhneoireachta, más cuí).
  3. Caibidil nó sliocht samplach c. 2,000 focal.
  4. Luaigh an margadh ar a bhfuil an saothar dírithe.
  5. Sonraí teagmhála fóin, r-phoist, seoladh poist.

Is féidir gach eolas ar Chois Life a fháil ag www.coislife.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta Leabhar na Bliana fógartha

Leabharlann Foclóireachta ar Líne

Comhair, Cóir, nó Comhar?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945