Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tionól Teagaisc 2013 i gCorcaigh

$
0
0

Beidh an Tionól Teagaisc, comhdháil oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge iarbhunscoile á reáchtáil an deireadh seachtaine seo, 08/09 Samhain 2013 i gCorcaigh.

Is é seo an tríú bliain as a chéile atá an mhórócáid seo eagraithe ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM). Tugann an Tionól Teagaisc fóram poiblí, comhghleacaíoch do mhúinteoirí Gaeilge dea-chleachtas an tseomra ranga a roinnt ar a chéile, tuairimí, cuir chuige agus straitéisí a mhalartú agus deis labhairt lena chéile. Is é téama an Tionóil i mbliana ná “Giorraíonn Beirt ár mBóthar mar Mhuinteoirí Gaeilge”. Mar is gnách leis an Tionól Teagaisc, múinteoirí Gaeilge a bhfuil suim nó saineolas ar leith acu i ngné éigin de theagasc nó d’fhoghlaim na Gaeilge a bheidh ag cur cheardlanna an Tionóil i láthair, ag roinnt a gcuid taithí agus eolais.

Osclóidh an t-údar agus an scoláire Alan Titley an Tionól go hoifigiúil tráthnóna Aoine san Óstán Silver Springs agus, ina dhiaidh sin, labhróidh Reuben Ó Conluain ón gCoimisiún Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), faoin méid atá forbartha faoi láthair don Teastas Sóisearach nua i gcomhthéacs na Gaeilge de. Beidh dinnéar na Comhdhála ar siúl an oíche chéanna agus leanfaidh an Tionól ar aghaidh ar an Satharn i gColáiste na hOllscoile le rogha cúig cheardlann is tríocha curtha i láthair ag múinteoirí Gaeilge éagsúla agus ag saineolaithe eile.

Don chuid is mó, is múinteoirí féin a bheidh ag cur na gceardlann i láthair agus is gné thábhachtach den Tionól é seo: múinteoirí ag roinnt a gcuid saineolais agus taithí le múinteoirí eile. Beidh gach ceardlann ag déileáil le gné éigin de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge agus tá an-éagsúlacht in ábhar na gceardlann, ó Aipeanna don Ghaeilge go múineadh na litríochta, ón bhFoghlaim Chomhoibritheach go cur chun cinn na Litearthachta. Agus mórán eile lena chois sin.

Tá an SFGM fós ag glacadh le hiarratais. Cuireadh foirmeacha cláraithe chuig gach iarbhunscoil ach is féidir iad a íoslódáil freisin ar www.tionolteagaisc.com, áit a bhfuil tuilleadh eolais faoin Tionól agus faoi na láithreoirí féin.

Toisc go bhfuil an-suim á léiriú san ócáid arís, moltar do mhúinteoirí clárú chomh luath agus is féidir.

Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le hoifig na SFGM ag 01-4358587 nó ag gaeilge@pdst.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 7 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhairliúchán Poiblí ar Phróisis Iontrála Scoileanna

Mórlaigí i múineadh na Gaeilge

As na Nuachtáin: Embedded shortcomings in the system revealed 
 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>