Seoladh aip is déanaí don óige de chuid TG4, ‘Cúlacaint 3’ an tseachtain seo agus é ar fáil anois ar stór iTunes.
Tá páistí óga ag éirí níos eolaí faoi chúrsaí teicneolaíochta san aois ina mairimid agus is cosúil nach bhfuil teorainn ar líon na mbealaí ar féidir siamsaíocht a chur ar fáil. Ní hí an teilifís an t-aon mhodh ar féidir breathnú ar chláir teilifíse a thuilleadh agus is cinnte go bhfuil seifteanna foghlamtha á fhorbairt an t-am ar fad le fás na teicneolaíochta.
Is é Cúlacaint 3 an togra is déanaí sa tsraith rathúil Cúlacaint a bhfuil Duais na bhfoghlaimeoirí leis ag Féile na Meán Ceilteach 2013 bainte amach ag an chéad chuid agus, le déanaí, ainmníodh Cúlacaint 2 ar ghearrliosta do dhuais-scéim Appy 2013, an comórtas bliantúil don Aip Éireannach is Fearr.
Cuidíonn Cúlacaint 3 le páistí óga focail úra a fhoghlaim trí stór focal spraíúil a chur ar fáil le breathnú orthu agus le héisteacht leo. Focail do pháistí iad seo a bhaineann le réimsí bunúsacha den saol - Cois Trá, Ar an bhFeirm, Sa Chathair agus sa Choill agus tá na focail le feiceáil scríofa agus taifeadadh fuaime ar fáil don fhoghraíocht.
Is féidir Aipeanna Culacaint a íoslódáil saor in aisce ón iStore nó ón App Store nó ón an nasc seo http://www.tg4.ie/ie/programmes/cula4/cula-caint.html.
©Foilsithe ar Gaelport.com 11 Samhain 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Leabharlann Foclóireachta ar Líne
Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge