Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gearrliosta Ghlór na nGael 2013 fógartha

$
0
0

Naoi n-iomaitheoirí roghnaithe le dul ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile de Chomórtas Ghlór na nGael idir 20 agus 23 Samhain 2013

Thug moltóirí an chomórtais náisiúnta cuairt ar bhreis agus 60 pobail ar fud na hÉireann le linn mhí Dheireadh Fómhair agus ag eascairt as an bpróiseas moltóireachta, roghnaíodh trí choiste as gach rannóg idir choistí Gaeltachta, coistí atá ag plé le daonra le níos lú ná 10,000 duine, agus coistí atá ag plé le daonra le níos mó ná 10,000, le dul ar aghaidh chuig an ngearrliosta. Rachaidh na naoi gcoistí ainmnithe san iomaíocht le Príomhdhuais Náisiúnta Ghlór na nGael a bhaint amach ag searmanas speisialta san athbhliain ag a mbronnfar €20,000 ar bhuaiteoirí na bliana.

Dúirt Ceannasaí Ghlór, Lorcán Mac Gabhann, “I mbliana tá níos mó ná 120 coistí agus grúpaí pobail ceangailte le Glór na nGael, cuid acu ag plé le gnéithe ar leith d’fhorbairt na Gaeilge, cuid eile atá rannpháirteach i ngach gné den phleanáil agus buanú teanga. Tá scéalta na gcoistí sin cloiste agus scrúdaithe ag moltóirí Ghlór na nGael anois, agus inniu fógraímid gearrliosta na gcoistí a ndéanfar measúnú agus moltóireacht eile orthu chun buaiteoir na bliana a aimsiú”.

Cuirfear na naoi gcoistí thíos faoi mholtóireacht idir 20 agus an 23 Samhain 2013 agus fógrófar na buaiteoirí go luath i 2014.

Is iad na coistí atá anois ar ghearrliosta na bliana ná:

Gaeltacht

Áislann Rann na Feirste, Co Dún na nGall
Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe
Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co Dún na nGall

Pobal faoi 10,000 duine

Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Doire
Gaeilge Locha Riach, Co na Gaillimhe
Glór na nGael, Uachtar Tíre, Co an Dúin

Pobal os cionn 10,000

An Clár as Gaeilge, Co an Chláir
Cairde Teoranta, Ard Mhacha, Co Ard Mhacha
Glór Cheatharlach, Co Ceatharlach

©Foilsithe ar Gaelport.com 11 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders

Aip úr eile do pháistí óga seolta ag TG4

Siamsaíocht@ 6 san Ardchathair

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>