Ag Gradaim Idirlín na hÉireann a bronnadh Dé Céadaoin na seachtaine seo caite, tugadh an príomhdhuais sa rannóg ‘Suíomh Gaeilge is Fearr’ don Spailpín Fánach.
Cuireadh tús leis an tionscadal An Spailpín Fánach i 1979 nuair a cuireadh tús le táirgeadh suaitheantais, greamaitheoirí agus T-léinte le manaí as Gaeilge orthu. Ó 1985, tá An Spailpín Fánach lonnaithe sa Cheardlann ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara agus iad ag cur le líon na dtáirgí a sholáthraítear i gcaitheamh an ama.
Ar na láithreáin ghréasáin eile a bhain an gearrliosta amach, bhí futafata.ie; foinse.ie; www.babogbaby.com; agus rosnarun.com. Cuimhneoidh léitheoirí dílse Gaelport.com gur chroch an suíomh seo leo an corn áirithe sin sa bhliain 2010, agus 2011, agus go ndearna Gaelport.com urraíocht ar an gcatagóir don suíomh Gaeilge is fearr anuraidh.
Is cinnte gurb í seo aimsir na ngradam, fógraíodh gearrliosta ‘Eircom Spiders’ Déardaoin seo caite, agus tá Gaelport.com ainmnithe do na gradaim mhórchlúiteacha seo arís i mbliana.
Is cúis mhór áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil ainmniúchán faighte i mbliana ag Gaelport.com sa chatagóir don ‘Suíomh Nuachta agus Siamsaíochta is Fearr’. I measc siúd ar an ngearrliosta sa chatagóir céanna le Gaelport.com tá: tv3.ie; Showpal; Newstalk Site and Player; Aertv; Joe.ie; agus Her.ie. Tugann na gradaim idirlín áirithe seo aitheantas do shuíomh nuachta a bhaineann úsáid nuálach as na meáin chumarsáide agus a dhéanann nuacht úr a sholáthar ar ardáin éagsúla.
Bhain Gaelport.com an gearrliosta amach freisin i mbliana don chatagóir ‘Suíomh Gaeilge is Fearr”. I dteannta Gaelport.com ar an ngearrliosta seo tá: Litríocht.com; Spailpín.com; Futa Fata; Bábógbaby; Conradh na Gaeilge; agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa.
Bronnfar na gradaim, The Eircom Spiders ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath ar an 28 Samhain agus i láthair ag an ócáid bhronnta beidh an fear grinn Neil Delamere mar fhear an tí. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na gradaim ar fáil ar: http://eircomspiders.ie/index.php.
©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Samhain 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Aip úr eile do pháistí óga seolta ag TG4
Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders
Gearrliosta Ghlór na nGael 2013 fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge