Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gearrliosta roghnaithe don Mhúnla Nua Maoinithe

$
0
0

Scríobh Foras na Gaeilge aréir chucu siúd a léirigh spéis feidhmiú mar cheanneagraíocht faoin múnla nua maoinithe chun iad a chur ar an eolas ar éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach don chéad chuid eile den phróiseas.

Cé nach raibh Foras na Gaeilge sásta a chur in iúl cé hiad na heagraíochtaí ar éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach, toisc nach eolas poiblí é sin, dearbhaíodh do Gaelport.com go bhfuair Foras na Gaeilge 15 Léiriú Suime faoin gcéad chéim den phróiseas.    Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge preasráiteas a eisiúint an tseachtain seo chugainn le huasdátú a thabhairt ar an dara chéim den phróiseas.

Bhain céim a haon le foirm a líonadh chun cur in iúl go raibh spéis ag d’eagraíocht feidhmiú mar cheanneagraíocht i gceann amháin de na réimsí luaite, agus go raibh d’eagraíocht sásta chun tabhairt faoi sin ar bhonn uile-oileáin.  Dóibh siúd a fuair cuireadh aréir chun páirt a ghlacadh i gcéim a den phróiseas, beidh orthu aighneacht shubstainteach a ullmhú le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge agus beidh ar Cheannasaí agus Cathaoirleach na heagraíochta tabhairt faoi agallamh.  

Tionólfaidh Foras na Gaeilge cruinniú do Cheannasaithe agus do Chathaoirligh na n-eagraíochtaí ar éirigh leo sa chéim Léirithe, ar an Aoine bheag seo, 15 Samhain.  Déanfar plé ar chéim na hAighneachta ag an gcruinniú seo agus tabharfar soiléiriú ar aon cheist ábhartha a bheas ag eagraíochtaí.  

Naoi n-eagraíocht déag (19) atá á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoi láthair, samhlaítear go mbeidh trí cinn acu sin, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus An tÁisaonad le maoiniú ó chistí/scéimeanna éagsúla de chuid an Fhorais, agus tá an sé eagraíocht déag (16) eile le laghdú síos go dtí sé cheanneagraíocht.  

Tá an múnla nua seo cáinte roimhe seo agus é ráite go gcuirfidh an múnla nua seo deireadh le roinnt mhaith den infreastruchtúr reatha teanga idir seo agus Meitheamh na bliana seo chugainn.  San idirlinn, beidh iomaíocht ghéar á cothú idir na heagrais reatha chun an stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach chun todhchaí na heagraíochta a chinntiú.

Táthar ag tuar gur ag tús mhí Eanáir 2014 a fhógrófar na sé cheanneagraíocht nua, agus a chuirfear in iúl cé hiad na heagraíochtaí eile nach mbeidh á maoiniú ó mhí Iúil 2014.  

©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Múnla Nua pléite i dTionól TÉ

Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders

Gearrliosta Ghlór na nGael 2013 fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>