Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéim Teanga úr do Choláiste na Tríonóide

$
0
0

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, an dara scéim teanga de chuid Choláiste na Tríonóide ar 27 Samhain 2013.

Cuireann an scéim teanga úr síos ar na seirbhísí a bheidh le forbairt agus le feabhsú ag Coláiste na Tríonóide d’fhonn freastal níos fearr ar an bpobal agus ar bhaill foirne ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an gColáiste trí Ghaeilge agus cuireann sí leis an bhforáil a bunaíodh sa Chéad Scéim Teanga, a mhair ó 2010-2012.

Eascraíonn dualgais Choláiste na Tríonóide i leith na Gaeilge ó Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thugann éifeacht phraiticiúil do stádas bunreachtúil na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit. Mairfidh an scéim reatha go ceann trí bliana nó go dtí go ndaingneoidh an tAire Stáit don Ghaeltacht scéim nua de bhun Alt 15 den Acht.

Ag seoladh an scéim teanga úr, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go bhfuil "clú agus cáil ar Choláiste na Tríonóide agus a chuir scoláirí le blianta fada as feabhas a gcuid saíochta agus léinn i dtaca leis an Ghaeilge de agus tá creidiúint mhór dá réir ag dul do Choláiste na Tríonóide as an méid atá ar siúl aige chun an Ghaeilge a chaomhnú, a neartú agus a bhuanú”.

Le linn tréimhse an dara scéim teanga, díreoidh údarás am Choláiste ar na nithe a leanas: Seirbhísí Custaiméirí Díreacha; Seirbhísí Idirghníomhacha; Suíomhanna gréasáin; Cumarsáid agus na Meáin; Foirmeacha, foilseacháin agus ábhar clóite; Teicneolaíocht Faisnéise; Earcaíocht foirne, ionduchtú agus oiliúint i nGaeilge; Scéimeanna Cónaitheacha Gaeilge agus Seomra na Gaeilge. Tá gealltanais ann freisin maidir le forbairt Pholasaí Gaeilge agus tionscnamh Gradaim na Gaeilge. 

Dúirt Rúnaí an Choláiste, Seán Ó Comáin, gur "cúis bróid do Choláiste na Tríonóide go bhfuil an Coláiste ar cheann do na chéad ollscoil chun an dara Scéim a chur i gcrích agus mhaígh Oifigeach na Gaeilge, Aonghus Dwane go bhfuil an scéim úr "mar thoradh ar phróiseas comhoibrithe le pobal an Choláiste. Cinnteoidh an Scéim seo buanú agus neartú áit lárnach na teanga i saol an Choláiste sna blianta amach romhainn”.

Is féidir dara scéim teanga Choláiste na Tríonóide a léamh anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Iarratas ar aighneachtaí

Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders

Maolú na Gaeilge san AE

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>