Tá lúcháir orainn an tseachtain seo go mbeidh deis iontach ag duine beart aoibhinn de leabhair nua ‘Seal san Aetóip’, 'Rocky Ros Muc’ agus ‘Ag caint linn fhéin’ atá foilsithe le déanaí ag Cló Iar-Chonnacht mar aon le dlúthdhiosca álainn Carúil Nollag le Cór Chois Fharraige a bhuachan.
Sa leabhar 'Seal san Aetóip' leanann an tIar-Cheannfort airm Frank Reidy, turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc, ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip.
Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás. Os a choinne sin léirítear gáire agus gliondar, aois agus uaisleacht, creideamh agus cairdeas: taisteal, taiscéalaíocht agus tráchtaireacht curtha os ár gcomhair mar lón anama agus machnaimh. Bhain an leabhar 'Ó Chósta go Cósta' le Frank a d’fhoilsigh Chló Iar-Chonnachta Gradam Uí Shúilleabháin-Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta amach in 2010.
Leabhar nua le Rónán Mac Con Iomaire é 'Rocky Ros Muc: Seán Ó Mainnín' a n-insíonn scéal Sheáin Uí Mhainnín, an dornálaí ar thug a chuid cumais é ó Ros Muc i gceartlár Chonamara go Madison Square Garden i Nua-Eabhrac Mheiriceá áit ar throid sé do Chraobh Meánmheáchain Éadrom an Domhain ar an 19 Deireadh Fómhair, 1984.
Bhí Ó Mainnín tar éis a bhealach a dhéanamh aníos dréimire na dornálaíochta diaidh ar ndiaidh, sa ghrád meáchan ba dhúshlánaí i stair na dornálaíochta, do dheis ar chraobh an domhain i gcoinne Mike McCallum. Faraor, buaileadh é. Insíonn 'Rocky Ros Muc' scéal atá brónach agus barrúil ag an am céanna. Bhain an leabhar seo gradam amach i rannóg na scríbhneoirí úra i gcomórtas Liteartha an Oireachtas le déanaí.
Is mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne ar Joe Steve Ó Neachtain as Cré Dhubh sa Spidéal agus tá aithne ag an saol Fódlach air as a chuid úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus drámaí. Sa chnuasach seo dar teideal ‘Ag caint linn fhéin’ tá cur síos ar léachtaí, óráidí agus píosaí cainte a thug sé le breis agus fiche bliain anuas – tugann sé aghaidh ar chuid de na hábhair is ansa leis, agus is mo ata ag cur imní air, sa Ghaeltacht agus in Éirinn.
Tá meascán álainn de charúil na Nollag le cloisteáil ar an dlúthdhiosca nua Carúil Nollag. Seo bailiúchán d’amhráin Nollag á gcanadh go binn ag Cór Chois Fharraige. Dosaen amhrán atá le cloisteáil ar an albamina measc In Dulci Jubilo, Téanaí ag an Mainséar, Tá sé beirthe naomh-aon Dé agus An Chéad Noel mar aon le go leor eile. Beidh Cór Chois Fharraige ag canadh ar an Spidéal i gCo. na Gaillimhe ar an 12 Nollaig ag 7i.m mar chuid d’oíche atá á eagrú ag an gCeardlann ar mhaithe leis an gcarthanacht ‘Hand in Hand West’.
Chun go mbeidh d’ainm istigh sa mhála mór do na duaiseanna iontacha seo níl ort ach d’ainm agus sonraí teagmhála a sheoladh chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 10 Nollaig 2013.
Táimid fíor bhuíoch do Chló Iar-Chonnacht as ucht na saothar nua seo dá gcuid a bhronnadh orainn.
Cuireadh tús le Sladmhargadh Nollaig Chló Iar-Chonnacht Dé hAoine seo caite agus mairfidh sé go dtí an 23 Nollaig 2013. Ar ndóigh tá míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig Cló Iar-Chonnacht atá lonnaithe in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe nó dul chuig www.cic.ie chun lascaine 50% a fháil ar gach táirge atá foilsithe acu féin agus suas le 25% ar gach táirge eile a dhíolann siad.
©Foilsithe ar Gaelport.com 3 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Sean-nós ‘s siamsaíocht ag seisiúin na bPíobairí Uilleann
Ag ceiliúradh shéasúr na Nollag
As na Nuachtáin: Treasure trove of composer’s ‘lost’ work discovered
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge