Beidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag tabhairt fianaise inniu don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha.
Tosóidh an cruinniú seo ar 4pm inniu, i Seomra Coiste 4. Beidh Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga faoi chaibidil le linn an chruinnithe seo. I measc na mórscéalta a tháinig chun solais sa tuarascáil seo, bhí cás a bhain le fear óg a gabhadh toisc gur labhair sé Gaeilge le Garda.
Tá cur síos cuimsitheach ar an tuarascáil seo ar fáil in alt ó Gaelport.com den 12 Márta 2013.
Is féidir le héisteacht le cur i láthair an Choimisinéara ach gliogáil ar an nasc seo ag 4pm.
© Gaelport.com 04 Nollaig 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
“Ní sárbhliain a bhí in 2012” – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga
Fear Gafa de bharr Gaeilge a labhairt
As na Nuachtáin: Tuarascáil Bhliantúil an Coimisinéir Teanga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge