Togra á mhaoiniú ag an AE chun tacú le fiontair a fhorbairt trí Ghaeilge agus Ghàidhlig na hAlban agus chun ‘Gaeltacht níos mó' a bhuanú
Síneann an Ghaeltacht níos mó ó dheas ó Oileán Leodhais go dtí an tIúr i gContae an Dúin agus siar go hOileán Thoraí ar chósta Thír Chonaill. Ní hamháin go bhfuil limistéir na Gaeltachta seo níos fairsinge ach is é an sprioc atá aige an ‘scéal’ faoin nGaeltacht a athrú ó chur síos ar phobal ag meath go port nua faoin ngealladh atá faoin nGaeltacht.
Is comhaontú comhpháirtíochta é an tionscadal idir Sabhal Mòr Ostaig, Alba, Cultúrlann McAdam Ó Fiach, Tuaisceart Éireann agus Údarás na Gaeltachta, Éire. Cuireann Ceangal G tacaíocht ar fáil don earnáil turasóireachta, d’fhiontraíocht na meán agus d’eagraíochtaí sóisialta.
Tá an tionscadal tacaithe agus maoinithe ag INTERREGIVA, clár atá á riar ag an Eagras um Chláir Speisialta Eorpacha (ECSE) a chuir £863,847 ar fáil don togra; Bòrd na Gàidhlig, MG ALBA, Rialtas na hAlban agus Sabhal Mòr Ostaig. Cuirtear milliún punt ar fáil d’fhás agus d’fhorbairt comhlachtaí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus trí Ghàidhlig.
Dúirt Stiúrthóir an ECSE, Lorraine McCourt, "Is togra nuálach é seo a bhaineann úsáid as cumhacht na teanga agus a bheidh ar leas ghnólachtaí in earnálacha na meán, na turasóireachta cultúrtha agus an phobail ar fud Thuaisceart Éireann, Phoblacht na hÉireann agus na hAlban.
“Tá sé trasteorann i bhfírinne agus is sampla é Ceangal G de chroí-aidhmeanna Chlár Interreg an Aontais Eorpaigh, clár atá cumtha le tacú le comhoibriú feabhsaithe agus ar leas chuile dhuine idir a trí réigiún.”
Tá i gceist go mbunófar suíomh idirlín trítheangach mar chuid den togra a léireoidh samplaí dea-chleachtais sa mhargaíocht ag baint úsáid as an Ghaeilge nó an Ghàidhlig chun éagsúlacht is feabhas táirge nó seirbhís a chur in iúl. Beidh cúrsaí aistriúcháin teanga ar fáil freisin le cur ar chumas gnólachtaí a bhaineann úsáid as an nGàidhlig cumarsáid a dhéanamh lena gcomharsana san earnáil Ghaeilge. Tá clársceideal de chuairteanna malartacha á bheartú agus ceapfar meantóirí chun tacú le comhlachtaí nua sna hearnálacha.
Dúirt Cathaoirleach ghrúpa stiúrtha Ceangal G agus Stiúrthóir Forbartha Shabhal Mòr Ostaig, Donnie Munro “Creidimid go láidir go bhfuil deiseanna suntasacha d’fhiontair an teanga a úsáid mar chúis díolacháin ar leith agus, mar sin de, a ngnólachtaí a fhás ar leas an phobail, na teanga agus na ngeilleagar".
Chomh maith le hionadaithe ó na phríomhpháirtithe in Albain, tá ionadaíocht ag Coiste Forbartha Charn Tóchair, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta ar ghrúpa stiúrtha Ceangal G.
©Foilsithe ar Gaelport.com 3 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gearrliosta Ghlór na nGael 2013 fógartha
Mímhuinín i bhfeidhmiú Chairt na hEorpa i dTÉ
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge