D’fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inniu go bhfuil sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014. Rinne an Coimisinéir an scéal seo a fhógairt le linn dó a bheith ag tabhairt fianaise inniu don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha.
Bhain cruinniú an lae inniu le Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga. Tá cur síos cuimsitheach ar an tuarascáil seo ar fáil in alt ó Gaelport.com den 12 Márta 2013.
Agus é ag fógairt go bhfuil sé le héirí as a ról, dúirt Ó Cuirreáin:
“Beidh 10 mbliana caite agam i mbun oibre mar Choimisinéir Teanga i ndeireadh mhí Feabhra seo chugainn. Cé go bhfuil 2 bhliain eile fágtha i mo thréimhse ceapacháin, creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu agam i scríbhinn d’Uachtarán na hÉireann mar a leagtar síos sa dlí”.
Pic: www.oireachtas.ie
© Gaelport.com 04 Nollaig 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
“Ní sárbhliain a bhí in 2012” – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga
Fear Gafa de bharr Gaeilge a labhairt
As na Nuachtáin: Tuarascáil Bhliantúil an Coimisinéir Teanga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge