Aiféala agus imní léirithe ag pobal na Gaeilge i leith fhógra éirí as an Choimisinéara Teanga
D'fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar 4 Nollaig 2013 go bhfuil sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014.
Rinne an Coimisinéir an scéal seo a fhógairt agus é ag cur síos ar Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2012 don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. Ag tagairt don tuarascáil bliantúil, dúirt sé nár "sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl".
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar fhoras monatóireachta i leith comhlíonadh fhorálacha an Achta sa státchóras.
Le linn an phlé, chuir an Coimisinéir síos ar lagú chóras na scéimeanna teanga, idir chur i bhfeidhm agus chaighdeán na bpolasaithe, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman, cé nach bhfuil sonraí ina leith curtha ar fáil ó mhí na Samhna 2011.
Cháin an Coimisinéir beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse agus mheas sé go dtógfadh sé thart ar 28 bliain le líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1.5% atá ann faoi láthair go dtí 3%.
Ag tagairt d'fholús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh i mí na Samhna 2011, dúirt an Coimisinéir gur gá don Stát aghaidh a thabhairt ar dhá mhórghné, is é sin úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll, agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí. Dúirt sé mura dtabharfaí aghaidh ar na gnéithe áirithe seo "gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist" le haon leasú.
Dúirt an Coimisinéir nach bhfuil "an oiread ísle brí agus lagmhisnigh" feicthe aige i measc lucht na Gaeilge in imeacht 30 bliain agus go bhfuil an Ghaeilge á himeallú ag an gcóras riaracháin phoiblí reatha.
Tar éis deich mbliana a bheith caite aige sa ról, agus dhá bhliain fágtha sa téarma ceapacháin aige, dúirt an Coimisinéir "gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu agam i scríbhinn d’Uachtarán na hÉireann mar a leagtar síos sa dlí."
Ag caint ar chinneadh an Choimisinéara seasamh siar, thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh "lá dubh, dorcha" ar 4 Nollaig 2013. Dúirt sé gur "léir gur cinneadh ar bhunphrionsabail atá i gceist agus nach ar aon chúis eile atá seo socraithe aige". Ag tagairt do thuarascáil cháinteach an Choimisinéara, dúirt sé gur léir dó "nach bhfuil an tacaíocht á fháil ag an oifig ón Rialtas agus na h-eagrais stáit agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisinéir a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart".
Dúirt an tAire Stáit Donncha Mac Fhionnlaoich, T.D., “Is trua liom, ar ndóigh, go bhfuil cinneadh tógtha ag an Choimisinéir gan a théarma ceapacháin – a mhaireann go dtí Aibreán 2016 - a chríochnú”.
“Buille tubaisteach don Ghaeilge” a thug Conradh na Gaeilge ar sheasamh siar an Choimisinéara Teanga.
“Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá. Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011. Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha.
Dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, “Ní fhéadfadh níos mó a bheith déanta ag Seán Ó Cuirreáin agus ag a fhoireann le deich mbliana anuas chun a chinntiú gur cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm oiread agus ar féidir. Bhí an ról sin ag éirí níos déine le blianta beaga anuas toisc easpa tacaíochta an Rialtais, agus easpa tola polaitiúil i gcoitinne”.
“Bhí dóchas ann don Acht nuair a fógraíodh athbhreithniú ar Acht an dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011 ach dhá bhliain níos déanaí níl torthaí an phróisis sin curtha ar fáil go fóill. Is mór an buille é don Ghaeilge, go bhfuil duine chomh stuama agus chomh hildánach le Seán Ó Cuirreáin ag éirí as post chomh tábhachtach le post an Choimisinéara Teanga, ach tuigim go hiomlán na cúiseanna agus na prionsabail a bhí laistiar de chinneadh Sheáin”.
“Mura bhfuil tacaíocht an Rialtais á fáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga, céard is fiú di a bheith ann, mar nach féidir leis an gCoimisinéir nó lena oifig a gcuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart sa chomhthéacs sin”, a dúirt sé.
©Foilsithe ar Gaelport.com 5 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
“Ní sárbhliain a bhí in 2012” – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga
As na Nuachtáin: Language chief quits over lack of Irish in civil service
Fear Gafa de bharr Gaeilge a labhairt
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: