Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéal na Gaeilge i nDoire

$
0
0

Taispeántas agus leabhrán a léiríonn stair na Gaeilge i gceantar Dhoire le seoladh ar Déardaoin, 12 Nollaig 2013.

Is tionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire é Scéal na Gaeilge a cuireadh ar bun mí Iúil 2013 mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus Bliain Chathair Chultúir i nDoire.

Insítear scéal na teanga sa cheantar ó thús ama suas go dtí an lá atá inniu ann agus is ar rannpháirtíocht phobal na Gaeilge i nDoire a bunaíodh ábhar an taighde a bhain leis an tionscadal stairiúil seo. 

Mar chuid den taighde a reáchtáladh le cuidiú ó BT Portrait of a City, iarradh ar an bpobal scéalta, grianghraif, físeán, leabhair agus rud ábharthacht ar bith eile a chuir ar aghaidh.  Anuas air sin, cuireadh pobal na Gaeilge sa cheantar faoi agallamh agus tá cartlann d’agallaimh ar fáil anois ar shuíomh idirlín BT Portrait of a City.

Tá sé de chuspóir ag an taispeántas agus ag an leabhrán a théann leis, feasacht an phobail i gcoitinne ar an teanga a fhás agus beidh an  taispeántas ar chamchuairt chuig scoileanna agus ionaid phobail sa cheantar comhairle i rith na bliana seo chugainn.

Is é Méara Dhoire, an Clr Martin Reilly, a sheolfaidh Scéal na Gaeilge ar an Déardaoin, 12 Nollaig 2013, ag Halla na Cathrach, Doire ar 11.00am.  Is féidir gach eolas maidir leis an seoladh agus an tionscnamh féin a fháil ó Phól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire ar 028 71 376579 nó gaeilge@derrycity.gov.uk

©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Nollaig 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceangal G le tacú le fiontair Ghaeilge agus Ghàidhlig

Scéim Teanga úr do Choláiste na Tríonóide

Feachtas i dtaca le nuachtán clóite Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>