Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Neart Bronntanas Gaeilge ar fáil don Nollaig

$
0
0

Tá aimsir na Nollag linn arís agus tá siopaí na tíre plódaithe ó mhaidin go hoíche agus cuardach na bronntanas Nollaig is fearr faoi lán seoil le tamaill anuas.

Idir bhréagáin, éadaí, leabhair agus gach sórt eile níl deireadh go deo le réimse na n-earraí Gaeilge atá ar fáil i mbliana agus is iontach an deis í an Nollaig leis an teanga a spreagadh i measc daoine ar gach aois.  Tá réimse leathan d’ earraí Gaeilge ar fáil le ceannach anois i siopaí éagsúla timpeall na tíre agus ar ndóigh ar líne.

Beidh Margadh Nollag Shop ‘n Spraoi na Nollag ar siúl i gCathair na Mart ón 13 – 15 Nollaig 2013 áit a mbeidh seastáin ag déantóirí agus ceardaithe áitiúla agus bia, maisiúcháin, daighsíní, miasa agus neart eile le ceannach.

Beidh líon mór táirgí á ndéanamh i gCo. Mhaigh Eo a bhfuil an Ghaeilge in úsáid sa bhranda atá acu nó le feiceáil scríofa ar na táirgí féin. Tugann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht do na gnólachtaí seo an Ghaeilge a úsáid agus tugann siad cúnamh dóibh na táirgí d’ardchaighdeán seo as Maigh Eo a chur chun cinn sa gContae.

Ag fanacht le Maigh Eo, tá neart leabhair gleoite ag Cló Mhaigh Eo atá lonnaithe i gClár Chlainne Mhuiris agus is iad a d’fhoilsigh an leabhar lándaite Ghráinne Mhaol a bhain amach Gradam Réics Carló ag gradam Leabhar na Bliana 2013. Is féidir súil a chaitheamh ar na leabhair seo ag www.leabhar.com

Déanann An Spailpín Fánach www.spailpin.com, atá lonnaithe ar an Spidéal freastal ar gach duine ar mian a gcuid spéise sa teanga a léiriú go poiblí idir t-léinte, chocaill agus málaí a mbíonn an-tóir orthu i gcónaí.

Beidh Bricíní - Féile Leabhar do Dhaoine Óga á reáchtáil ag Pléaráca Chonamara i Seanscoil Shailearna, Indreabhán i gCo. Na Gaillimhe ar 13 - 14 Nollaig áit a mbeidh neart imeachtaí óige agus díolachán leabhair. I measc na n-aíonna a bheidh ag léamh ag an ócáid seo beidh Tadhg Mac Dhonnagáin ón gcomhlacht foilseacháin Futa Fata www.futafata.ie.

Anuas air seo, tá leabhair den scoth foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus mairfidh sladmhargadh na Nollaig leo go dtí 23 Nollaig 2013. Is féidir leabhair iontacha agus ábhar Gaeilge eile a cheannach ar lascaine ag www.cic.ie nó sa siopa féin in Indreabhán a bheidh ag oscailt go speisialta don Nollaig ón 12i.n -5 i.n ar an Satharn, 21ú agus an Domhnach 22ú Nollaig.

I measc na n-earraí atá ar fáil ar an suíomh gréasán www.udar.ie tá Junior Scrabble as Gaeilge, ‘Scrabble as Gaeilge’ a bhíonn an-tóir go deo orthu i gcónaí, póstaeir, Cluiche Aibítre agus go leor earraí eile. Is áis iontach é an spraoi i leith foghlaim agus feabhsú teanga agus is cinnte go mbainfidh Gaeilgeoirí ar gach aois sult as na cluichí Gaeilge, idir chluichí bhoird agus chluichí dhigitigh, atá ar an margadh i láthair na huaire.

Tá leabhair den scoth mar aon le neart ábhar eile ar díol sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath. Tá rogha mór leabhar ar fáil idir chúrsaí staire, úrscéalta, foclóirí, leabhair do pháistí mar aon le cluichí agus bréagáin eile agus iad uile ar fáil www.cnag.ie/siopa.

Tá réimse leathan d‘earraí Gaeilge ar fáil ón Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille, atá lonnaithe in Oideas Gael, idir leabhair, DVDanna, dlúthdhioscaí agus neart eile. Agus tá fáil ar neart bronntanas álainn ón Siopa Cultúr/Cairde Teo in Ard Mhacha. I measc an ábhair iontach tá málaí, cártaí, comharthaí agus éadach agus is féidir teacht ar iosta den ábhar seo ar fad ar www.siopacultur.com.

Arís i mbliana beidh an-éileamh ar an teidí is aitheanta ar domhan, Bábóg Baby www.babogbaby.com atá ar díol ar fud na tíre. Agus is iontach an rud é go bhfuil an bréagán bog anois ar fáil i nGaeilge, Béarla, Breatnais agus Gàidhlig.

©Foilsithe ar Gaelport.com 9 Nollaig 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Deoch na Nollag 2013

Scéal na Gaeilge i nDoire

20ú Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le seoladh ar RnaG

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>