Réamhaisnéisí mionsonraithe aimsire trí Ghaeilge don iPhone
Is tionscnamh de chuid Moonswing, atá lonnaithe i mBaile Átha Luain, é Aimsir - aip nua a chuireann síos ar chúrsaí aimsire trí Ghaeilge.
Úsáidtear sonraí ó Léarscáil Aimsire Oscailte (OpenWeatherMap) le réamhaisnéisí cruinne agus sonracha a sholáthar trí Ghaeilge.
Cuirtear síos ar chúrsaí aimsire ar bhonn reatha nó ar bhonn seacht lá agus anuas ar réamhaisnéis ginearálta, cuireann Aimsir eolas ar fáil freisin ar threo agus neart na gaoithe, brú atmaisféarach agus bogthaise.
Chomh maith le cur síos ar chúrsaí aimsire a sholáthar, is í aidhm na haipe ná raon leathan stór focal Gaeilge a thabhairt don úsáideoir.
Tá cuid mhór de na sonraí aimsire tugtha i bhfoirm téacs agus cuirtear síos ar na focail agus na frásaí i ngluais mionsonraithe, áit a dtabharfar aistriúcháin ar na focail mar aon le huirlisí úsáideacha eile a chuireann ar chumas an fhoghlaimeora dul i dtaithí le huimhreacha agus dátaí a úsáid trí Ghaeilge.
Tá sé i gceist ag Moonswing go leor gnéithe eile a chur le Aimsir amach anseo, gearrthóga fuaime do stór fhocal na Gaeilge san áireamh.
Tá Aimsir ar fáil le híoslódáil ar fud an domhain ó shiopa Aip iTunes. https://itunes.apple.com/ie/app/aimsir-irish-language-weather/id764362817?mt=8
©Foilsithe ar Gaelport.com 9 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Aip úr eile do pháistí óga seolta ag TG4
Ag ceiliúradh shéasúr na Nollag
Neart Bronntanas Gaeilge ar fáil don Nollaig
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge