Duaiseanna móra bronnta ar Raidió Fáilte, Nós Iris agus Litríocht.com le déanaí
Moladh ardchaighdeán na meán Gaeilge, idir chraoltóireacht, iriseoireacht agus sheirbhísí ar líne, ag searmanais mhórchlúiteacha na meán le gairid.
Tá Radio Academy Award le haghaidh Réigiún Thuaisceart Éireann bronnta ar Raidió Fáilte. Lonnaithe ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste, tá ról lárnach ag an stáisiúin raidió pobail i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail máguaird. Is craoltóirí deonacha iad don chuid is mó a dhéanann cláir Raidió Fáilte a chraoladh 24 uair in aghaidh in lae, 7 lá na seachtaine ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar www.raidiofailte.com ar fud an domhain.
Tá ardcháil ag baint le gradaim an Radio Academy i measc lucht mheán an Raidió - bronnadh an gradam céanna ar an stáisiún aitheanta BBC Raidió Feabhail in 2012.
Dúirt Bainisteoir Raidió Fáilte, Fergus Ó hÍr, gur "mór an sásamh é d’fhoireann an stáisiúin aitheantas a fháil ó mhóreagraíocht ar nós an Radio Academy. Is é BBC Raidió Feabhail a bhain an duais anuraidh agus is mór an moladh do Raidió Fáilte, stáisiún pobail Gaeilge a bhfuil mionbhuiséad aige gur chinn na moltóirí go raibh an duais seo tuillte againn".
Faoi mar atá rialacha an rialaitheora craolacháin Ofcom, i láthair na huaire níl cead ag Raidió Fáilte ach a bheith ag craoladh i gceantar Bhéal Feirste. Táthar ag súil go gcuirfidh an gradam is déanaí seo le cás an stáisiúin i dtaca le cead a fháil an tseirbhís a leathnú thar limistéar tíreolaíochta níos forleithne.
Ag na Irish Magazine Awards a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le déanaí, bronnadh gradaim don fhoireann deartha is fearr ar NÓS. Is Gaeliris chultúir agus stílbheatha é NÓS a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha agus is iad Tomaí Ó Conghaile agus Ryan O’Reilly a bhíonn i mbun dearaí úra na hirise. Ainmníodh NÓS sa chatagóir 'Iris na bliana' agus 'Eagarthóir na bliana' freisin.
Bronnadh an chéad ghradam riamh don suíomh idirlín Gaeilge is fearr ag Gradaim na nDamhán Alla de chuid Eircom ar Litríocht.com le déanaí. Ainmníodh an suíomh mar bhuaiteoir an chatagóire nua seo ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath ag a raibh Neil Delamare ina fhear an tí.
Déanann na gradaim idirlín áirithe seo ceiliúradh ar éachtaí idirlín atá déanta ag carthanais, cuideachtaí, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail i rith na bliana agus aithnítear an chruthaitheacht agus an fhiontraíocht atá léirithe ag láithreáin ghréasáin atá lonnaithe in Éirinn.
©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Scéal Ghael-Linn le seoladh in Ard Mhacha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge