Beidh agallamh uair an chloig leis an Taoiseach Enda Kenny le craoladh amárach ar Raidió na Life ar 12pm ar 106.4FM.
Tá an t-agallamh seo le Enda Kenny mar chuid den tsraith ‘20 Bliain’, sraith ina labhraíonn mórphearsantachaí ó shaol poiblí na hÉireann le láithreoirí deonacha éagsúla ó Raidió na Life faoin méid a thit amach i saol an duine sin idir na blianta 1993 agus 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail do phobal na Gaeilge i mórcheantar Átha Cliath.
Ábhar mórtais don stáisiún go mbeidh An Taoiseach le cloisteáil faoi agallamh le Siobhán Seoighe ar an tsraith seo amárach, agus go mbeidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn i mbun cainte le Judy-Meg Ní Chinnéide an Chéadaoin seo chugainn. Craoltar an clár ‘20 Bliain’ gach Céadaoin ag meánlae, agus déantar an clár a athchraoladh ar 7pm Déardaoin. Go dtí seo, tá réimse leathan d’aíonna tar éis páirte a ghlacadh sa tsraith, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta, agus ceoltóirí.
Is féidir éisteacht siar leis na hagallaimh ar fad a craoladh go dtí seo ar shuíomh Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/20bliain/, áit a dtiocfaidh tú ar agallaimh le Dara Ó Briain, Peter Coonan, Bláthnaid Ní Chofaigh, Fiach Mac Conghaíl agus neart daoine eile nach iad. Arsa Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life, “Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil réimse leathan daoine i saol poiblí na hÉireann agus scéal le hinsint acu faoin méid a thit amach ina saol idir 1993 agus 2013. Bhí sé tábhachtach dúinn na scéalta seo a chur ar an taifead trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh daoine fós ag éisteacht leo nuair atá Raidió na Life ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí sé go deas freisin deis a thabhairt do láithreoirí deonacha an stáisiúin a gcuid tallainne mar iriseoirí a léiriú agus iad i mbun agallaimh chuimsitheacha le cuid de na daoine is mó le rá i saol poiblí na tíre.”
©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Céard é do thuairim faoi TG4?
Ardmholadh do na meáin Ghaeilge
Aimsir - aip nua Ghaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge